Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
Scagairí:
- Cogadh na Rúise ar an Úcráin
25 Bealtaine 2024
23 Bealtaine 2024
21 Bealtaine 2024
17 Bealtaine 2024
14 Bealtaine 2024
- EUAM Ukraine: Síneadh curtha ag an gComhairle le sainordú Mhisean Comhairleach an Aontais le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála go dtí 2027
Tá síneadh curtha ag an gComhairle le sainordú Mhisean Comhairleach an Aontais le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála (EUAM) san Úcráin go dtí an 31 Bealtaine 2027.
- Plean na hÚcráine: cead tugtha ag an gComhairle íocaíochtaí rialta a dhéanamh faoin tSaoráid don Úcráin
Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar measúnú dearfach ar ‘Phlean na hÚcráine’, rud a réitíonn an bealach chun íocaíochtaí rialta a eisíoc faoin tSaoráid don Úcráin, faoi réir chur chun feidhme an athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a comhaontaíodh.
- An Iaráin: bearta sriantacha an Aontais leathnaithe ag an gComhairle i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
Leathnaigh an Chomhairle raon feidhme chreat an Aontais le haghaidh bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ionas go gcumhdófar ladrainn agusdiúracáin araon ann, chomh maith leis an tacaíocht a thugann clár ladrann agus diúracán na hIaráine do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.
13 Bealtaine 2024
9 Bealtaine 2024
18 Aibreán 2024
- A ndúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach, an 17 agus an 18 Aibreán 2024
Bhí preasagallamh ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ag deireadh an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach a bhí ar siúl an 17 agus an 18 Aibreán 2024. Ghlac ceannairí an Aontais conclúidí maidir leis an Úcráin, an Tuirc, an Meánoirthear agus comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 17 agus an 18 Aibreán 2024
An 17 agus an 18 Aibreán, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear, an Tuirc agus comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear agus an Tuirc, an 17 Aibreán 2024
An 17 Aibreán, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear agus an Tuirc.
16 Aibreán 2024
8 Aibreán 2024
- An Úcráin: tacaíocht tugtha ag an gComhairle d’athnuachan bhearta trádála uathrialacha an Aontais
An 15 Aibreán 2024, dhearbhaigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais (Coreper) an comhaontú sealadach ar thángthas air níos luaithe an lá céanna idir Uachtaránacht na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa chun fionraí na ndleachtanna allmhairiúcháin agus na gcuótaí ar onnmhairí na hÚcráine chuig an Aontas a athnuachan go dtí an 5 Meitheamh 2025.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
4 Aibreán 2024
26 Márta 2024
25 Márta 2024
22 Márta 2024
- A ndúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach, an 22 Márta 2024
Bhí preasagallamh ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel ag deireadh an dara lá den chruinniú den Chomhairle. Ar imill an chruinnithe, bhuail ceannairí an Aontais lena gcontrapháirtithe LEE agus thionóil siad Cruinniú Mullaigh Euro.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 21 agus an 22 Márta 2024
An 21 agus an 22 Márta, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Úcráin, slándáil agus cosaint, an Meánoirthear, méadú agus athchóirithe, caidreamh seachtrach, imirce, talmhaíocht, ullmhacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna agus an Seimeastar Eorpach.