Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
Scagairí:
- Cogadh na Rúise ar an Úcráin
15 Nollaig 2025
- Bagairtí hibrideacha na Rúise: Smachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar dhá dhuine dhéag agus ar dhá eintiteas maidir le hionramháil ar fhaisnéis agus cibirionsaithe
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne dáréag duine aonair agus dhá eintiteas eile i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus a chomhpháirtithe.
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar naonúr a chumasaíonn an scáthchabhlach
Chuir an Chomhairle smachtbhannaí ar cúigear daoine aonair agus ar cheithre eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
- An Bhealarúis: raon feidhme an chórais smachtbhannaí leathnaithe ag an gComhairle chun gníomhaíochtaí hibrideacha i gcoinne Bhallstáit an Aontais a chumhdach
Thug an Chomhairle critéar breise isteach maidir le daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostú atá bainteach le gníomhaíochtaí atá inchurtha i leith Rialtas Phoblacht na Bealarúise nó a éascaíonn na gníomhaíochtaí sin, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht, de cheannasacht nó de shlándáil an Aontais nó ar bagairt iad ar an méid sin, i bhfianaise na n-ionsaithe hibrideacha a rinneadh le déanaí i gcoinne na Liotuáine agus Ballstáit eile de chuid an Aontais.
12 Nollaig 2025
11 Nollaig 2025
9 Nollaig 2025
5 Nollaig 2025
- Tabharfaidh an tUachtarán Costa cuairt ar Bhaile Átha Cliath agus ar Pháras
An 9 Nollaig 2025, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, cuairt ar Éirinn chun bualadh leis an Taoiseach, Micheál Martin.
- An chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Iordáin le bheith ar siúl an 8 Eanáir 2026
An 8 Eanáir 2026, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ionadaíocht don Aontas ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Iordáin a bheidh ar siúl in Amman, an Iordáin.
3 Nollaig 2025
24 Samhain 2025
22 Samhain 2025
20 Samhain 2025
4 Samhain 2025
27 Deireadh Fómhair 2025
24 Deireadh Fómhair 2025
- Chairs’ statement following 24 October Coalition of the Willing Leaders’ meeting
The Prime Minister Starmer and President Macron today co-chaired a virtual meeting of the Coalition of the Willing, attended by President Zelenskyy. Leaders were united in their support for Ukraine and desire for a just and lasting peace.
- A raibh le rá ag an Uachtarán António Costa ag an bpreasagallamh a tugadh tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2025
Le linn an phreasagallaimh ag deireadh an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2025, chuir an tUachtarán António Costa príomhthorthaí an phlé i láthair.
23 Deireadh Fómhair 2025
- An Chomhairle Eorpach, an 23 Deireadh Fómhair 2025, an Úcráin
Phléigh an Chomhairle Eorpach a bhfuil tarlaithe le déanaí san Úcráin.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 23 Deireadh Fómhair 2025
An 23 Deireadh Fómhair, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, iomaíochas agus an t-aistriú dúbailte, tithíocht, an imirce agus Poblacht na Moldóive.
- An 19ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise: an tAontas ag díriú ar fhuinneamh na Rúise, bainc tríú tíortha agus criptea-sholáthróirí
Ghlac an Chomhairle an 19ú pacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair atá ceaptha díriú ar earnálacha ríthábhachtacha de gheilleagar na Rúise, mar shampla, na hearnálacha fuinnimh agus airgeadais, sa chaoi agus go ndéanfar laghdú breise ar chumas an réimis a chogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar a fhearadh ar an Úcráin.
- A ndúirt an tUachtarán António Costa roimh an gcruinniú agus an tUachtarán Volodymyr Zelenskyy, lena thaobh
Sular thosaigh cruinniú an 23 Deireadh Fómhair 2025 den Chomhairle Eorpach, thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, ráiteas don phreas.