An Trédhearcacht agus an Oscailteacht
Ar an ábhar gurb iomaí sin gné de shaol an tsaoránaigh (os cionn 500 milliún) a mhúnlaíonn beartais an Aontais Eorpaigh, is den ríthábhacht go ndéanfaí gach cinneadh de chuid an Aontais ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir don saoránach. Chuige sin, ní mór do dhaoine a bheith in ann teacht ar fhaisnéis shoiléir maidir le conas agus cén fáth a nglactar reachtaíocht san Aontas Eorpach. Tugtar forléargas san fhoilseachán seo ar an oscailteacht agus ar an trédhearcacht sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé rochtain éasca ar fhoinsí éagsúla faisnéise ar fáil.
2020, 13 Leathanaigh, Leabhair faoi chlúdach bog