Turas fíorúil: féach thart ar an gComhairle
Bíonn na doirse ar oscailt i gcónaí, pé áit a bhfuil tú. Téigh ar an turas fíorúil 360° chun áras Bhallstáit an Aontais a fheiceáil ó gach cearn.
Foghlaimeoidh tú faoin gcaoi a mbíonn na rialtais go léir ag obair le chéile chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.
Is féidir leat bogadh timpeall i 7 bpríomhsheomra na Comhairle agus na nithe seo a leanas a fheiceáil:
- seomra na Comhairle Eorpaí, áit a dtagann na ceannairí le chéile chun todhchaí choiteann Eorpach a fhorbairt
- fóram Europa ina bhfuil laindéar gloine ar díol suntais é agus ar a bhfuil façade uathúil
- an seomra preasa ina gcuireann iriseoirí na ceannairí nó na hairí faoi agallamh
- an bealach isteach onóra, aitriam Justus Lipsius, agus tuilleadh nach iad
Foghlaim faoi theach na mBallstát trí chliceáil nó trí bhuille beag a bhualadh ar na pointí faisnéise i ngach seomra.
Leideanna d'úsáideoirí fóin póca

Is féidir bogadh timpeall an tseomra ach buille beag a bhualadh ar an scáileán agus an fón a ardú

chun pointe eolais a oscailt buail buille beag ar an scáileán
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Bealtaine 2025