Skip to content

Seoladh

Rue de la Loi/Wetstraat 175

B-1048 An Bhruiséil

An Bheilg

Teil: +32 22816111

Facs: +32 22816934

Conas an áit a bhaint amach

Tá ceanncheathrú na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh lonnaithe sa cheantar Eorpach sa Bhruiséil, in aice le timpeallán Schuman.

Tá oibreacha athfhorbartha á ndéanamh ar thimpeallán Schuman faoi láthair, rud a leanfaidh ar aghaidh go dtí mí Mheán Fómhair 2026.

Molaimid go láidir iompar poiblí a úsáid, ós rud é go bhfuil páirceáil thar a bheith teoranta agus go bhfuil tionchar suntasach ag na hoibreacha sin ar shoghluaisteacht sa cheantar Eorpach.

Ar an metro nó ar an mbus

Bus 12: ó Aerfort Náisiúnta na Bruiséile in Zaventem go Schuman

Busanna 36, 60, 64: stop ag Maelbeek/Maalbeek go dtí go gcríochnófar na hoibreacha ag timpeallán Schuman

Línte metro 1 agus 5: stáisiún Schuman

Ar an traein

Tá na stáisiúin traenach Bruxelles-Midi/Brussel-Zuid, Bruxelles-Central/Brussel-Centraal agus Bruxelles-Nord/Brussel-Noord nasctha le stáisiún traenach Bruxelles-Schuman/Brussel-Schuman atá buailte ar cheanncheathrú na Comhairle. Bíonn traenacha ag dul go díreach ó Aerfort Náisiúnta na Bruiséile in Zaventem go stáisiún traenach Bruxelles-Schuman/Brussel-Schuman.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Aibreán 2026