An Mheitheal um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla (COPEN)
Tá sé de chúram ar an Meitheal um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla scrúdú a dhéanamh ar bheartais agus tionscnaimh an Aontais a bhaineann le comhar breithiúnach idir na Ballstáit in ábhair choiriúla.
An ról
Tá an Mheitheal um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla freagrach as scrúdú a dhéanamh ar thograí, tionscnaimh bheartais agus bearta eile a bhaineann le comhar breithiúnach idir na Ballstáit in ábhair choiriúla. Baineann a mbíonn ar bun aici le comhaid reachtacha agus saincheisteanna cur chun feidhme maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha, cearta nós imeachta, malartú faisnéise agus ionstraimí lena n-éascaítear comhar trasteorann i gcásanna coiriúla.
Tacaíonn an mheitheal le próiseas cinnteoireachta na Comhairle trí phlé a ullmhú, seasaimh na mBallstát a chomhordú agus rannchuidiú le creat an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a fhorbairt agus a fheidhmiú go héifeachtach.
Tuairiscíonn an mheitheal don Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile.
Comhdhéanamh agus cruinnithe
Páirteach sa Mheitheal um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla, tá saineolaithe náisiúnta as na Ballstáit. Tagann sí le chéile go rialta, ag brath ar an gclár oibre reachtach agus beartais.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Bealtaine 2026