Cén dóigh a vótálann an Chomhairle?
Trí chóras vótála
Feidhmeoidh Comhairle an Aontais Eorpaigh a feidhmeanna trí úsáid a bhaint as trí chóras vótála ar leith.
An tromlach cáilithe
Is é seo an córas vótála réamhshocraithe; úsáidtear riail an ‘tromlaigh dhúbailte’ chun cinntí a dhéanamh.
An aontoilíocht
Baineann sé seo le líon teoranta réimsí íogair agus ceart crosta ag gach Ballstát.
An tromlach simplí
Baineann sé seo go príomha le cinntí nós imeachta.
Is in Airteagal 238 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a leagtar síos na sainiúlachtaí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na rialacha vótála sin.
An tromlach cáilithe
Baineann an tromlach cáilithe seo le tuairim is 80 % den obair reachtach a dhéanann an Chomhairle ina nglactar reachtaíocht i gcomhar le Parlaimint na hEorpa.
Tá an córas vótála sin bunaithe ar thromlach na mBallstát a dhéanann ionadaíocht ar thromlach dhaonra an Aontais. Tugtar riail an ‘tromlaigh dhúbailte’ air sin, ós rud é nach mór dhá choinníoll a chomhlíonadh ag an am céanna:
- vótálfaidh 55 %, ar a laghad, de na Ballstáit i bhfabhar an togra (15 as 27)
- arb ionann daonra na mBallstát sin agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra iomlán an Aontais
An aontoilíocht
Beidh ar an gComhairle vótáil d'aon toil maidir le hábhair éagsúla a mheasfaidh na Ballstáit a bheith íogair. Sna cásanna sin, beidh ceart crosta ag gach Ballstát. Faoin gcóras vótála seo, ní dhéanfar, le staonadh, cosc a chur ar chinneadh a dhéanamh.
Beidh feidhm ag an aontoilíocht, mar shampla, maidir leis an méid seo:
- an comhbheartas eachtrach agus slándála
- cearta nua a dheonú do shaoránaigh an Aontais
- méadú an Aontais
- airgeadas an Aontais (acmhainní dílse agus buiséad fadtéarmach an Aontais)
- cánachas indíreach a chomhchuibhiú
- bearta áirithe i réimsí an cheartais agus na ngnóthaí baile, agus i réimse na cosanta sóisialta
An tromlach simplí
Baintear tromlach simplí amach má vótálfaidh 14, ar a laghad, de na 27 mBallstát i bhfabhar an vóta.
Déanfaidh an Chomhairle cinneadh trí thromlach simplí:
- nuair is cúrsaí nós imeachta atá i gceist, mar shampla rialacha nós imeachta na Comhairle féin a ghlacadh agus eagrú na hArdrúnaíochta
- nuair a iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh nó tograí a thíolacadh
Áireamhán vótála
Cuidíonn an t-áireamhán vótála lena fháil amach an féidir leis an gComhairle ceann de na trí thairseach vótála is gá a bhaint amach chun gníomh reachtach a ghlacadh.
Lean na ceithre chéim shimplí seo chun an toradh atá ar an vótáil a sheiceáil:
- roghnaigh an riail vótála
- roghnaigh na Ballstáit atá rannpháirteach sa vótáil
- cuir isteach na vótaí
- fíoraigh an toradh
Áireamhán vótála
Cén chaoi a n-oibríonn sé?
Is gníomh polaitiúil agus dlíthiúil é vóta a chaitheamh agus, dá bhrí sin, is iad na hairí a dhéanann ionadaíocht ar an mBallstát faoi seach, agus iadsan amháin, a chaithfidh vóta sa Chomhairle.
Ní vótálfaidh Coreper (coiste na mbuanionadaithe) ar ghníomhartha dlí, ach féadfaidh na buanionadaithe a chur in iúl roimh ré cén dóigh a vótálfaidh a n-aire féin sa Chomhairle. Cuidíonn an ‘vóta táscach’ seo le huachtaránacht na Comhairle a mheas an bhfuiltear réidh le cinneadh a ghlacadh. Ní chaithfidh na meithleacha vóta.
Ní ceadmhach don Chomhairle vótáil ach amháin má tá formhór na gcomhaltaí i láthair. Ní fhéadfaidh comhalta den Chomhairle (ionadaí Ballstáit ar leibhéal aireachta) gníomhú ach thar ceann comhalta amháin eile.
Is é uachtarán na Comhairle, is é sin an tír ag a bhfuil an uachtaránacht rothlach, a chuirfidh tús leis an vótáil. Cé go bhféadfaidh comhalta den Chomhairle nó den Choimisiún vóta a thionscnamh, ní mór do thromlach de chomhaltaí na Comhairle an tionscnamh sin a fhormheas.
Torthaí na vótála a fhoilsiú
Cuirtear torthaí vótáil na Comhairle ar fáil don phobal go huathoibríoch nuair a ghníomhaíonn an Chomhairle chun dlíthe an Aontais a ghlacadh.
Foilsítear an chaoi ar vótáil gach Ballstát, mar aon le cur síos ar an vótáil, ar na ráitis agus ar na míreanna a thaifeadtar sna miontuairiscí, i gclár poiblí na Comhairle.
Féach freisin
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
A mbíonn ar bun ag an gComhairle
Ord agus eagar ar obair na Comhairle
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Feabhra 2026