Skip to content

Bratach na hEorpa

Grafaic faisnéise ina ndéantar cur síos ar shiombalachas bhratach na hEorpa agus ar a stair.

Is siombail í, ní hamháin den Aontas Eorpach ach sa mbreis air sin, d'fhéiniúlacht na hEorpa. Le himeacht aimsire, is í an tsiombail is mó anois í a shamhlaíonn daoine le féiniúlacht na hEorpa.

An siombalachas agus na gnéithe grafacha

Ciorcal na réaltaí óir

  • An aontacht, an dlúthpháirtíocht agus an tsíth i measc na nEorpach

A líon: 12

  • Siombail na foirfeachta, na hiomláine
  • Gan beann ar líon na mBallstát

Dathanna

  • Réaltaí an óir ar spéir ghorm

Stair na brataí Eorpaí

an 8 Nollaig 1955

Glacann Comhairle na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine agus í neamhspleách ar an Aontas Eorpach, an bhratach den chéad uair.

an 11 Aibreán 1983

Molann Parlaimint na hEorpa go mbainfeadh na Comhphobail Eorpacha (CEE), réamhtheachtaithe an Aontais, leas as an mbrat.

an 28-29 Meitheamh 1985

Glacann an Chomhairle Eorpach dearadh na brataí Eorpaí mar lógó oifigiúil ag an CEE.

an 29 Bealtaine 1986

Bratach na hEorpa ar foluain den chéad uair taobh amuigh den Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh.

Samhain 2015

Mar chomóradh ar 30 bliain na brataí Eorpaí, eisíodh bonn comórtha Euro.