Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 13-14/10/2014, 13-14 Deireadh Fómhair 2014

Comhaontú ag an gComhairle maidir le deiseanna iascaireachta Mhuir Bhailt le haghaidh 2015

Ag an gcruinniú i Lucsamburg an 13 Deireadh Fómhair tháinig na hAirí ar chomhaontú polaitiúil maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh 2015 do stoic éisc áirithe Mhuir Bhailt. Phléigh siad freisin toirmeasc na Rúise ar allmhairiú táirgí talmhaíochta ón Aontas Eorpach.

Deiseanna iascaireachta 2015

Is é an comhaontú maidir le deiseanna iascaireachta Mhuir Bhailt, dá ngairtear TACanna agus cuótaí, an chéad chomhaontú a phléitear faoin gComhbheartas Iascaigh nua, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.

Ciallaíonn rialacha nua an Chomhbheartais Iascaigh nach mór an sprioc don uastoradh inbhuanaithe agus an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír - an riail a cuireadh i bhfeidhm chun díobhaigh a sheachaint - a chur san áireamh leis an gcuóta a shocrófar do gach stoc éisc.

Le comhaontú Mhuir Bhailt leagtar amach an t-uasmhéid éisc ó stoic shonracha a fhéadfar a ghabháil i Muir Bhailt (gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí), mar aon leis na teorainneacha ar iarrachtaí iascaireachta i gcás stoc trosc i Muir Bhailt (teorainneacha a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta trí líon na laethanta a chaitear ar muir a laghdú).

Glacfar an comhaontú go foirmiúil ag cruinniú a bheidh ag an gComhairle amach anseo.

Toirmeasc na Rúise ar allmhairiú táirgí talmhaíochta ón Aontas Eorpach

Mar obair leantach tar éis chruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an 4 Meán Fómhair, bhí plé breise ag an hAirí i ndáil leis an tionchar a bheadh ag toirmeasc na Rúise ar tháirgí talmhaíochta ón Aontas Eorpach agus leis na himpleachtaí a bheadh á leanúint.

Go háirithe, phléigh an Chomhairle an deis a d'fhéadfadh bheith ann maidir le bearta breise chun tacú leis an margadh bainne a ndéanann an toirmeasc difear dó. Bhí tionchar tromchúiseach ag an toirmeasc ar na tíortha Baltacha agus ar an bhFionlainn, de bhrí go raibh a n-onnmhairí bainne agus déiríochta ag brath go mór ar an Rúis.

Phléigh an Chomhairle cúiteamh spriocdhírithe an Choimisiúin a bhí beartaithe do na tíortha agus do na táirgí sin, ag cur in iúl go láidir go mba mhaith leo níos mó eolais a fháil faoi na cistí a úsáidfear.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Iascach

Roinn an Chomhairle tuairimí lena chéile freisin maidir leis na comhairliúcháin bhliantúla idir an tAontas agus an Iorua faoin gcomhaontú déthaobhach iascaigh. Tionólfar an chéad bhabhta de chomhairliúcháin an 17-21 Samhain in Bergen (an Iorua).

Phléigh na hAirí freisin an cruinniú speisialta den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú ("ICCAT"), a tionóladh an 10-17 Samhain 2014 in Genoa (an Iodáil).

Talmhaíocht

Bhí díospóireacht pholaitiúil sa Chomhairle i ndáil leis an gcabhair a fuarthas ó earnáil na talmhaíochta don athbhreithniú meántéarmach ar an Straitéis Eoraip 2020.

Thairis sin, chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le saincheisteanna trádála idirnáisiúnta talmhaíochta.

Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le bearta cur chun cinn do tháirgí talmhaíochta freisin tar éis teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh le Parlaimint na hEorpa.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025