Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 5 Meán Fómhair 2014

Scrúdaíonn an Chomhairle an tionchar atá ag toirmeasc na Rúise ar tháirgí talmhaíochta ón Aontas

Le linn cruinniú urghnách sa Chomhairle an 5 Meán Fómhair, phléigh airí talmhaíochta AE toirmeasc na Rúise ar allmhairiú táirgí talmhaíochta ón Aontas, lena n-áirítear feoil, éisc, táirgí déiríochta, torthaí agus glasraí.

Tháinig na hairí le chéile chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar agus ar impleachtaí thoirmeasc na Rúise ar allmhairiú táirgí talmhaíochta ón Aontas.

Tá toirmeasc na Rúise, a mhairfidh bliain, i bhfeidhm ón 6 Lúnasa. Déantar difear leis do réimse táirgí, lena n-áirítear feoil, éisc agus sliogéisc, bainne agus táirgí déiríochta, torthaí, glasraí, ispíní agus táirgí bia nó táirgí críochnaithe.

Bhí an díospóireacht sa Chomhairle dírithe ar bhearta meántéarmacha agus fadtéarmacha amhail teacht ar mhargaí nua do na táirgí sin a ndéantar difear dóibh leis an toirmeasc. Dhearbhaigh na hairí go raibh gá ann le freagra comhordaithe d'aontoil ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le héifeachtaí diúltacha thoirmeasc na Rúise. Mhol a lán Ballstát méadú na mbeart éigeandála a chuir an Coimisiún chun feidhme cheana féin trí réimse níos leithne uirlisí a úsáid. Leag na Ballstáit béim freisin ar an ngá a d'fhéadfadh bheith ann le bearta cúitimh spiocdhírithe go beacht i gcás roinnt de na táirgeoirí a ndéantar an difear is mó dóibh leis an toirmeasc.

Tá roinnt beart curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún cheana féin chun iarracht a dhéanamh éifeachtaí diúltacha thoirmeasc na Rúise a theorannú. Tá bearta tacaíochta éigeandála á n-úsáid anois do phéitseoga agus do neachtairíní agus do tháirgí somheata torthaí agus glasraí ar mhargadh an Aontais. Comhaontaíodh bearta tacaíochta éigeandála don mhargadh le haghaidh táirgí déiríochta áirithe freisin.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025