- Cruinniú Mullaigh Trípháirteach maidir le Cúrsaí Sóisialta
Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach, 20/03/2019, 20 Márta 2019
Na príomhthorthaí
Ba é "Ar son Eoraip níos láidre, atá aontaithe agus ceannródaíoch".príomhthéama chruinniú mullaigh sóisialta an earraigh.
Bhí an plé ag an gcruinniú mullaigh seo dírithe ar thrí réimse:
- 50 bliain de shoghluaisteacht lucht saothair – a mhór a dhéanamh de shaorghluaiseacht oibrithe ar mhaithe le margaí saothair dea-fheidhmiúla
- infheistíochtaí a chur ar fáil i margadh aonair atá níos doimhne agus níos cothroime
- cur leis an tús nua d'idirphlé sóisialta chun saol nua na hoibre a mhúnlú
Saorghluaiseacht oibrithe
An chéad phointe plé ar ar díríodh air ba ea conas leas níos fearr a bhaint as saorghluaiseacht oibrithe, a tugadh isteach breis is 50 bliain ó shin, d'fhonn margaí saothair dea-fheidhmiúla a bhaint amach. I measc na gcéimeanna a tugadh sa treo sin le déanaí bhí:
- comhordú na slándála sóisialta a dhigitiú
- postú oibrithe a athchóiriú
- Údarás Eorpach Saothair a bhunú
Infheistíochtaí sa mhargadh aonair
Díríodh ag an gcruinniú mullaigh freisin ar infheistíochtaí sa mhargadh aonair, go háirithe i gcomhthéacs na caibidlíochta a bheidh ar siúl go luath maidir leis an gcéad bhuiséad 7 mbliana eile de chuid an Aontais.
An t-idirphlé sóisialta
Phléigh na rannpháirtithe freisin ról an idirphlé shóisialta i saol nua na hoibre, ar gnéithe de iad an digitiú, an róbatú agus an t-uathoibriú.
Cad é an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach?
Is fóram don idirphlé é idir uachtaráin institiúidí an Aontais agus ardbhainistíocht na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Is iad Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus ceann stáit nó rialtais na huachtaránachta rothlaí, comhchathaoirligh an chruinnithe mullaigh; is é uain Phríomh-Aire na Rómáine é an turas seo.
I measc na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bhí rannpháirteach bhí:
- BusinessEurope
- Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC)
- Lárionad Eorpach na bhFostóirí agus na bhFiontar (CEEP)
- SMEunited (an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide)
Teacht i láthair na rannpháirtithe
Grianghraf
Preasagallamh
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh Trípháirteach maidir le Cúrsaí Sóisialta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025