Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh Trípháirteach maidir le Cúrsaí Sóisialta

Cruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach trí fhíschomhdháil, 23 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Freagairt thríthaobhach aontaithe ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin

Ba é seo príomhthéama Chruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach an earraigh mar a comhaontaíodh leis na comhpháirtithe sóisialta é. Tionóladh an cruinniú trí fhíschomhdháil.

Sa phlé stiúrtha, iarradh ar na rannpháirtithe freagra a thabhairt ar cheann de na trí cheist seo a leanas:

  1. Cé mar is féidir an infheistíocht, an fás agus an fhostaíocht fhadtéarmach san Eoraip a chinntiú agus aghaidh á tabhairt, ag an am céanna, ar thionchar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin ar phraghsanna fuinnimh, ar an ngeilleagar agus ar phoist?

  2. Cé mar is féidir aistriú glas rathúil a chinntiú d’oibrithe agus d’fhiontair na hEorpa sa chomhthéacs nua seo?

  3. Cén ról atá ag an idirphlé sóisialta maidir le dálaí oibre, feidhmiú mhargaí saothair na hEorpa agus oiliúint scileanna tar éis COVID-19 a fheabhsú?

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ionsaí neamhthrócaireach ar thír neamhspleách cheannasach is ea ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ach is ionsaí é freisin ar ár luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas agus cearta an duine. Le mí anuas, táimid ag seasamh an fhóid ag an nóiméad stairiúil seo, agus muid gualainn ar ghualainn le muintir na hÚcráine. Beidh freagairt thríthaobhach aontaithe ríthábhachtach freisin chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ollmhór sóisialta agus eacnamaíoch an chogaidh seo. Rialtais, fostóirí, fostaithe – go léir ag teacht le chéile agus aon fhreagairt choiteann aontaithe amháin á tabhairt acu. Táim cinnte go mbeidh rannchuidiú na gcomhpháirtithe sóisialta bunriachtanach, mar a bhí le linn COVID-19 freisin, chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán nua seo.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Fogha míleata na Rúise faoin Úcráin

Mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, agus é gan chúis gan údar, tá cogadh san Eoraip. Seasann an tAontas i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus molann sé muintir na hÚcráine as a gcuid misnigh agus a dtír á cosaint acu.

Cúlra

Cad é an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach?

Is fóram é an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach don idirphlé idir uachtaráin institiúidí an Aontais agus ardbhainistíocht na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Is iad Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a bheidh ina gcomhchathaoirligh ar an gcruinniú mullaigh.

I measc na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bhí rannpháirteach bhí:

  • Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC)
  • BusinessEurope (Cumann fostóirí de chuid na hEorpa)
  • an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide
  • SGI Europe (comhlachas gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta)

Don Uachtaránacht rothlach, d’fhreastail an Príomh-Aire Jean Castex ar an gcruinniú mullaigh. Ghlac airí fostaíochta na Fraince agus thíortha na huachtaránachta inteachta (Poblacht na Seice agus an tSualainn) páirt sa chruinniú freisin.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh Trípháirteach maidir le Cúrsaí Sóisialta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Márta 2026