Cad is cearta maoine intleachtúla ann?
Tá sé ríthábhachtach cearta maoine intleachtúla (CMI) a chosaint chun infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a chothú, agus cruthaitheacht agus iomaíocht chóir a chur chun cinn ag an am céanna.
Cineálacha cearta maoine intleachtúla
Tagraíonn cearta maoine intleachtúla do chosaint dlí a thugtar do chruthaitheoirí agus gnólachtaí dá n-aireagáin, a saothair ealaíne, a mbrandaí agus a ndearaí.
Tá cineálacha éagsúla ceart maoine intleachtúla ann.
Leis na paitinní cosnaítear aireagáin nua agus dul chun cinn teicneolaíoch.
Leis na cearta dearaidh cinntítear cuma uathúil na dtáirgí.
Leis na trádmharcanna cosnaítear ainmneacha branda, lógónna agus siombailí.
Leis na tásca geografacha cosnaítear ainmneacha táirgí a bhfuil baint acu le suíomh ar leith.
Leis na cóipchearta cosnaítear saothair liteartha, ealaíonta agus chruthaitheacha.
Is faisnéis rúnda iad rúin ceirde a thugann buntáiste iomaíoch d’fhiontair.
Cinntítear leis na cearta sin gur féidir le daoine aonair agus cuideachtaí tairbhe a bhaint as a nuálaíochtaí agus cosc a chur ar dhaoine eile úsáid neamhúdaraithe a bhaint astu.
Cearta maoine intleachtúla san Aontas
Nuair is féidir le gnólachtaí a sócmhainní intleachtúla a chosaint, is mó an seans go n-infheisteoidh siad i dtaighde agus i bhforbairt, go neartóidh siad aitheantas branda agus go meallfaidh siad infheistíocht.
Cuidíonn paitinní, trádmharcanna agus cóipchearta le gnólachtaí a bheith iomaíoch, agus cinntítear dálaí margaidh cothroma ag an am céanna.
Tionchar eacnamaíoch
Gintear le tionscail a bhaineann úsáid an-mhór as CMI thart ar 45% de OTI an Aontais, arb ionann é agus thart ar €6.6 trilliún in aghaidh na bliana.
Cuireann na tionscail sin fostaíocht ar fáil do thart ar 63 mhilliún duine, arb ionann í agus 29% de na poist ar fad san Aontas. Tacaítear go hindíreach i dtionscail a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí d’earnálacha a bhaineann úsáid an-mhór as CMI le 21 mhilliún post breise.
Tá na tionscail a bhaineann úsáid an-mhór as CMI freagrach as 68% d’onnmhairí an Aontais, a chuireann go mór leis an mbarrachas trádála. Déantar an-chuid infheistíochta sna hearnálacha sin, agus déantar 51% d’infheistíochtaí an Aontais i dtionscail a bhaineann úsáid an-mhór as CMI.
I gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), déanann cosaint láidir maoine intleachtúla cinnte de go mbeidh cothrom iomaíochta ann, rud a thacaíonn le fás agus le rochtain ar mhargaí domhanda.
Góchumadh agus píoráideacht
Tá ról lárnach ag CMI freisin maidir le góchumadh agus píoráideacht a chomhrac, aitheantas branda a chosaint agus muinín tomhaltóirí a chothú.
I measc na n-earraí góchumtha is minice a urghabhadh tá cluichí, bréagáin, CDanna/DVDanna a taifeadadh, lipéid, clibeanna, greamáin agus ábhair phacáistithe, arb ionann iad agus beagnach 75% de na táirgí uile atá á gcoinneáil.
In 2023, d’urghabh údaráis an Aontais thart ar 152 mhilliún earra bréige ag teorainneacha seachtracha agus sa mhargadh inmheánach a raibh luach measta €3.4 billiún acu agus arb ionann é agus méadú 68% ar an méid a urghabh in 2022.
An tslí a gcosnaíonn an tAontas cearta maoine intleachtúla
Dé réir mar a chuireann an claochlú digiteach dlús le tionscail agus mar a dhéanann teicneolaíochtaí nua iad a athmhúnlú, tá cearta maoine intleachtúla ríthábhachtach don nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch san Eoraip go fóill.
D’fhorbair an tAontas creat dlíthiúil cuimsitheach chun maoin intleachtúil a chosaint agus chun forfheidhmiú comhsheasmhach a chinntiú ar fud na mBallstát.
Dearaí tionsclaíocha a chosaint i ré na ndearaí digiteacha agus na priontála 3T.
Bia, deochanna, táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha áitiúla an Aontais a chur chun cinn.
Luach saothair cothrom a chinntiú do chruthaitheoirí agus an chruthaitheacht a chothú.
Feidhmíonn Comhairlean Aontais Eorpaigh mar chomhreachtóir, in éineacht le Parlaimint na hEorpa.
Ciallaíonn sé sin go mbíonn seisiún tuairimíochta ag na hairí ó na Ballstáit uile maidir le tograí a bhaineann le CMI a rinne an Coimisiún Eorpach d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le comhsheasamh. Ag eascairt as an ngnáthnós imeachta reachtach, chuaigh an Chomhairle i mbun caibidlíochta ansin le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú comhchoiteann i bhfianaise ghlacadh chríochnaithigh na ngníomhartha reachtacha.
An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Meitheamh 2025