- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 20 Márta 2015 02:30
Ráiteas ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán an Ghrúpa Euro maidir leis an nGréig
Cloímid go hiomlán le comhaontú an Ghrúpa Euro an 20 Feabhra 2015.
De mheon an iontaoibh fhrithpháirtigh, táimid go léir tiomanta do dhlús a chur leis an obair agus é a thabhairt i gcrích chomh tapa agus is féidir.
Faoi chuimsiú chomhaontú an Ghrúpa Euro an 20 Feabhra 2015, beidh úinéireacht na n-athchóirithe ag údaráis na Gréige agus tíolacfaidh siad liosta iomlán d'athchóirithe sonracha sna laethanta atá amach romhainn.
Dhearbhaíomar an athuair an comhaontú praiticiúil maidir leis an bpróiseas: Tionóltar an plé faoin mbeartas sa Bhruiséil. Tionóltar na misin aimsithe fíoras san Aithin.
Tá an Grúpa Euro réidh chun teacht le chéile chomh luath agus is féidir.
Spokesperson for the President of the European Council
Preben Aamann
Tel. +32 22815150
Tel. +32 476850543
Spokesperson for the President of the Eurogroup
Michel Reijns
Tel. +31 652820938
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024