- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 20 Meán Fómhair 2016 10:45
Conclúidí ón gComhairle maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach
Ghlac an Chomhairle na conclúidí a leanas:
"1. Ar an 15 Feabhra 2016, chuir Dragan Čović, Cathaoirleach Uachtaránacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, iarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach i láthair. Chinn an Chomhairle an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme. Dá réir sin, iarrtar ar an gCoimisiún a thuairim a thíolacadh.
2. Ag meabhrú di an chomhthoil athnuaite maidir leis an méadú mar a léirítear sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 14/15 Nollaig 2006, athdhearbhaíonn an Chomhairle gur leis an Aontas Eorpach atá todhchaí na mBalcán Thiar. Athdhearbhaíonn sí go mbraitheann an dul chun cinn a dhéanann gach tír i dtreo an Aontais Eorpaigh ar iarrachtaí aonair na tíre sin critéir Chóbhanhávan agus coinníollacht an Phróisis Chobhsaíochta agus Comhlachais a chomhlíonadh.
3. Ag athdhearbhú di na conclúidí ón gComhairle roimhe seo, go háirithe na conclúidí ón 15 Nollaig 2015, agus ag athdhearbhú go bhfuil sí go huile agus go hiomlán tiomanta do ghné AE na Boisnia agus na Heirseagaivéine mar thír aonair, aontaithe agus ceannasach, is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn fóinteach atá déanta ó thaobh an chlár oibre um athchóiriú, ar tháinig údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar gach leibhéal ar chomhaontú ina leith, a chur chun feidhme. Iarrann an Chomhairle ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin leanúint dá hiarrachtaí cur chun feidhme éifeachtach an chláir oibre um athchóiriú a áirithiú i gcomhréir leis an sceideal maidir leis an bplean a chomhaontaigh údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chun tairbhe a cuid saoránach agus i ndlúthchomhar leis an Aontas Eorpach, le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Ba cheart na hathchóirithe i réimse an smachta reachta agus an riaracháin phoiblí, chomh maith le hathchóirithe socheacnamaíocha, a áireamh leis sin. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil eile a chur i dtoll a chéile maidir le cur chun feidhme an chláir oibre um athchóiriú lena n-áirítear an sásra comhordaithe. Tráth a n-ullmhóidh sí a tuairim maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar chur chun feidhme rialú Sejdić-Finci.
4. Is díol sásaimh don Chomhairle inisealú an Phrótacal maidir leis an gcomhaontú cobhsaíochta agus comhlachais a oiriúnú le go dtabharfar aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach san áireamh. Is gné thábhachtach de thiomantas na tíre do phróiseas lánpháirtithe an Aontais Eorpaigh é an comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais a chur chun feidhme ina iomláine, oiriúnú an chomhaontaithe sin san áireamh.
5. Is díol sásaimh eile don Chomhairle é an comhaontú maidir le sásra comhordúcháin a bhunú maidir le hábhair AE. Iarrann sé ar gach leibhéal rialtais sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é, mar chéim thábhachtach chun feidhmiúlacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú.”
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024