- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 20/09/2016, 20 Meán Fómhair 2016
Na príomhthorthaí
Faisnéis faoin gcruinniú
Athbhreithniú meántéarma ar chreat buiséadach an Aontais Eorpaigh
Bhí an chéad phlé ag an gComhairle maidir le hathbhreithniú meántéarma an Choimisiúin ar chreat buiséadach an Aontais Eorpaigh lena gcumhdaítear na blianta ó 2014 go 2020. Chuaigh an Uachtaránacht i mbun oibre ar an gcomhad sin láithreach trína iarraidh ar chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar na tograí ón gCoimisiún. “Thar ceann na hUachtaránachta, ba mhaith liom a rá go bhfuilimid réidh le gach iarracht a dhéanamh chun go mbainfear torthaí dearfacha amach a luaithe agus is féidir,” arsa Ivan Korčok, Uachtarán na Comhairle.
An Chomhairle Eorpach
Chuir na hairí tús leis an ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair trí phlé a dhéanamh ar chlár oibre sealadach. Tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile sa Bhruiséil ar an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair chun na forbairtí is déanaí maidir leis an imirce a mheas, agus chun go mbeidh plé cuimsitheach acu maidir le beartas trádála an Aontais agus maidir leis an gcaidreamh leis an Rúis. Measfaidh na hairí an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gconclúidí a glacadh ag Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh freisin.
Clár oibre an Choimisiúin do 2017
Tar éis na hóráide a thug an tUachtarán Juncker maidir le staid an Aontais Eorpaigh, phléigh na hairí na príomhthosaíochtaí polaitiúla atá ag an gCoimisiún ina chlár oibre do 2017 mar a leagtar amach i litir intinne. Thacaigh siad i gcoitinne lena bhfuil ar intinn ag an gCoimisiún déanamh agus chuir siad in iúl cad iad na bearta ar mian leo níos mó béime a leagan orthu. Cabhróidh nótaí tráchta na n-airí leis an gCoimisiún agus é ag ullmhú a chlár oibre, a meastar a bheidh á ghlacadh aige i mí Dheireadh Fómhair.
Dúirt Ivan Korčok: “Is é atá mar phríomhsprioc againn feabhas a chur ar an obair a dhéanann na hinstitiúidí uile agus an obair sin a chomhordú ar bhealach níos fearr. Mar sin, glacfaimid, níos déanaí i mbliana, dearbhú comhpháirteach ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón bParlaimint maidir le tosaíochtaí coitianta don bhliain atá le teacht”.
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Ghlac an Chomhairle conclúidí ina n-iarrtar ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn atá déanta ag údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine maidir lena gclár oibre don athchóiriú a chur chun feidhme agus d’iarr sí orthu leanúint leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu ar mhaithe lena saoránaigh. Ba cheart athchóirithe socheacnamaíocha, athchóirithe i réimse an smachta reachta agus an riaracháin phoiblí a áireamh air sin freisin.
“Tá beartas inchreidte maidir leis an méadú ar cheann de na príomhthosaíochtaí ag an Uachtaránacht agus tá lúcháir orm go bhfuil beart de réir briathair á dhéanamh againn. Is uirlis fhíorthábhachtach í an méadú, uirlis ar féidir linn leas a bhaint aisti leis an daonlathas, an chobhsaíocht agus rathúnas a chur chun cinn inár gcomharsanacht. Agus más rud é go ndéanann tír beart de réir briathair, ba cheart don Aontas Eorpach beart a dhéanamh de réir briathair freisin, arsa Ivan Korčok.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meán Fómhair 2016
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meán Fómhair 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Ghnóthaí Ginearálta, 20 Meán Fómhair 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meán Fómhair 2016
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta: Neartaíonn an tAontas a chúl taca reachtach i gcoinne ISIL/Da’esh agus Al-Qaida
- 20/09/2016
- Cearta an duine agus an daonlathas: Glacadh tuarascáil bhliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain 2015
- 20/09/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach
- 20/09/2016
- Tacaíonn an Chomhairle leis na boird náisiúnta táirgiúlachta
- 20/09/2016
- D’fhormheas an tAontas Eorpach comhaontú cánachais le Andóra
- 20/09/2016
- Council conclusions on eGovernment
- 20/09/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025