- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 29 Márta 2017 11:45
Níos mó dlúthpháirtíocht leis na réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha
Ar an 29 Márta 2017, thacaigh Coiste na mBuanionadaithe de chuid na Comhairle le moladh go méadófaí an tacaíocht a thugann AE do réigiúin atá thíos de bharr creathanna talún, tuilte, triomaigh agus tubaistí nádúrtha eile. Bheadh cion AE de chostais na hatógála méadaithe go dtí suas le 90%. Bheadh i gceist leis sin beagnach dhá oiread na ranníocaíochta airgeadais a thugann an tAontas Eorpach do roinnt réigiún arb é 50% an leibhéal reatha. Le cinneadh an lae inniu cuirtear ar chumas Uachtaránacht Mhálta tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
“Is eol d’aon duine a bhfuil éifeacht tubaiste nádúrtha feicthe aige ar an láthair an tionchar a bhíonn ag slad den sórt sin ar shaol na ndaoine. Cé nach féidir linn tubaistí nádúrtha a chosc, is féidir linn tacú le réigiúin a bhíonn thíos mar gheall orthu agus cabhrú leo agus iad i mbun atógála. Sin is cúis leis an gcinneadh a rinneamar inniu”.
a dúirt Rúnaí Parlaiminte Mhálta le haghaidh Cistí an Aontais agus Uachtarán na Comhairle, Ian Borg
Bheadh feidhm ag an méadú ar ráta maoiniúcháin an Aontais maidir le híocaíochtaí as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Ní dhéanfaí aon athrú ar iomlán na suime lena maoiníonn AE CFRE don tréimhse 2014-2020, is é sin tuairim is EUR 196.4 billiún.
Leis an ráta méadaithe airgeadais AE a thiocfadh as CFRE chuirfí leis an gcúnamh airgeadais a thugann AE cheana trína chiste dlúthpháirtíochta. Is féidir suim suas le EUR 500 milliún a scaoileadh as an gciste dlúthpháirtíochta in aghaidh na bliana chun cabhrú leis na Ballstáit freastal ar thubaistí nádúrtha.
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024