Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 12 Deireadh Fómhair 2017 11:05

Deimhníonn 20 Ballstát go gcruthófar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Ar an 12 Deireadh Fómhair, ghlac na Ballstáit sin atá mar chuid de chomhar feabhsaithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Eorpaigh (OIPE). Beidh sé de chúram ag OIPE iad siúd a dhéanann coireanna i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus an dlí a chur orthu. Cuimseofar faoi aon scáth amháin iarrachtaí Eorpacha agus náisiúnta i ndáil le forfheidhmiú an dlí chun an chalaois a chomhrac.

Is céim mhór é Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chruthú ó thaobh an chomhair Eorpaigh sa réimse dlí agus cirt, céim a bheidh ina chabhair chun airgead na gcáiníocóirí a chosaint. Fiú nuair a ghníomhaíonn coirpigh thar theorainneacha, is féidir linn a chinntiú go dtabharfar os comhair na cúirte iad agus go ndéanfar airgead na gcáiníocóirí.a aisghabháil.”

Urmas Reinsalu, Aire Dlí agus Cirt na hEastóine

I Lucsamburg a bheidh an phríomhoifig ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an dáta a nglacfaidh OIPE a chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a leagan síos de réir togra ón bPríomhionchúisitheoir Eorpach a luaithe a bheifear tar éis OIPE a chur ar bun. Ní luaithe ná trí bliana ó theacht i bhfeidhm an rialacháin seo a bheidh an dáta sin.

20 de na Ballstáit atá páirteach sa chomhar feabhsaithe go dtí seo: An Ostair, An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, an Liotuáin, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Deireadh Fómhair 2024