- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 12-13/10/2017, 12-13 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí - 13 Deireadh Fómhair
Cód Teorainneacha Schengen
Bhí plé tosaigh ag na hairí maidir leis antogra ón gCoimisiún Eorpach maidir le leasú a dhéanamh ar Chód Teorainneacha Schengen. Baineann sin le rialacha maidir le rialuithe a thabhairt isteach arís ar bhonn sealadach ag teorainneacha inmheánacha. Leanfar den phlé maidir leis an togra sin ar an leibhéal teicniúil anois.
Thug na hairí dá n-aire freisin an moladh ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na rialacha reatha.
“Níl aon cheist faoi ach go mbaineann tairbhí le limistéar Schengen agus caithfimid teacht ar an mbealach is fearr leis an méid atá bainte amach againn a chosaint agus a bheith in ann freagairt, ag an am céanna, do na bagairtí síorathraitheacha atá os comhair roinnt Ballstát. Bhí díospóireacht mhaith mhacánta againn inniu agus leanfaimid sin le mionscrúdú ar an togra.”
Andres Anvelt, Aire Gnóthaí Baile na hEastóine
An fhrithsceimhlitheoireacht
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an mbealach le feabhas a chur ar an gcomhar idir gníomhaithe forfheidhmithe dlí agus gníomhaithe faisnéise i ndáil leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, agus sin a dhéanamh gan teacht salach ar na Ballstáit ós iadsan amháin atá freagrach as an tslándáil náisiúnta.
Imirce agus tearmann
Ag éirí as an moladh a rinne an Coimisiún le déanaí, rinne na hairí plé neamhfhoirmiúil ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an athshocrú i mbeartais bainistithe imirce agus tearmainn an Aontais ar an iomlán.
Thug an Chomhairle dá haire freisin an dul chun cinn a rinneadh maidir le gach ceann de na seacht gcomhad reachtacha atá san athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET).
- Maidir le ceann de na tograí (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann), thángthas ar chomhaontú leathan polaitiúil ad referendum le Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2017
- Maidir le dhá chomhad (rialachán Eurodac agus an rialachán cáilitheachta), tá caibidlíocht ar bun go fóill le Parlaimint na hEorpa
- Maidir le dhá thogra eile (an Rialachán maidir le hAthshocrú agus an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha), tá súil ag an Uachtaránacht teacht ar shainordú sa Chomhairle agus tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa roimh dheireadh na bliana, más féidir
- Maidir le comhad eile (an rialachán um nósanna imeachta tearmainn), tá dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh na hoibre i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle
- Maidir le ceist na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta (Baile Átha Cliath), leanadh ar aghaidh leis an hiarrachtaí teacht ar chur chuige coiteann, ag tógáil ar an obair a rinne Uachtaránachtaí roimhe seo.
Na príomhthorthaí - 12 Deireadh Fómhair
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Ghlac na Ballstáit sin atá mar chuid den chomhar feabhsaithe an rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Eorpaigh (OIPE). Beidh sé de chúram ar OIPE iad siúd a dhéanann coireanna i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus an dlí a chur orthu. Tabharfar le chéile na hiarrachtaí Eorpacha agus na hiarrachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí chun an chalaois a chomhrac.
Comhar Breithiúnach in ábhair choiriúla
Phléigh na hairí an rialachán atá beartaithe maidir le síneadh a chur leis an gCóras reatha Faisnéise Eorpaí um Thaifid Choiriúla (CFETC) trí chóras lárnach a bhunú. Chomhaontaigh tromlach na mBallstát gur cheart faisnéis a bheith sa chóras faoi náisiúnaigh tríú tíortha a ciontaíodh, fiú agus náisiúnacht de chuid an Aontais Eorpaigh ag an duine sin freisin. Phléigh na hairí freisin na critéir chun méarloirg a chur isteach i gcóras CFETC. Cé gur shíl roinnt airí gur comhréiteach cothrom a bhí sa chritéar maidir le pianbhreith choimeádta i gcás coir a rinneadh d’aon ghnó, tá gá le tuilleadh oibre.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an rialachán maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus coigistíochta atá beartaithe agus thacaigh siad go forleathan le córais choigistíochta coiscthí a áireamh i raon feidhme an rialacháin, ar an gcoinníoll go mbíonn nasc soiléir idir an t-ordú coigistíochta agus gníomhaíochtaí coiriúla agus go mbíonn cosaintí iomchuí nós imeachta i bhfeidhm.
“Déanann an tAontas Eorpach an saol níos éasca ar shaoránaigh, ach oibríonn sé go dian freisin lena chinntiú nach mbaineann coirpigh leas as na tairbhí a chuireann an tAontas ar fáil. Chun an méid sin a bhaint amach, tá sé rí-thábhachtach comhar a bheith ann maidir leis an gceartas coiriúil, lena n-áirítear trí fhaisnéis maidir le ciontuithe a roinnt agus trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus coigistíochta. A bhuí leis na huirlisí sin, beimid in ann a áirithiú nach féidir le coirpigh éalú óna stair féin trí bhogadh go tír eile nó a gcuid sócmhainní a bhreith leo thar teorainneacha agus leanúint dá ngníomhaíochtaí.”
Urmas Reinsalu, Aire Dlí agus Cirt na hEastóine
Cearta bunúsacha
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha in 2016. Léirítear roinnt de na saincheisteanna is tábhachtaí sna conclúidí sin, amhail an comhrac i gcoinne an chiníochais agus an foréigean i gcoinne na mban.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 12-13 Deireadh Fómhair 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 12-13 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, cruinniú den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 12-13 Deireadh Fómhair 2017
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025