Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Deireadh Fómhair 2017 10:20

Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: Tháinig méadú ar ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh gona Bhallstáit ionas gurbh ionann í, in 2016, agus EUR 20.2 billiún

Bhí méadú mór ar na ranníocaíochtaí ón Aontas gona Bhallstáit in 2016, a tugadh chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus déileáil le hiarmhairtí an athraithe aeráide.

Deimhníodh an t-iomlán ar an 16 Deireadh Fómhair 2017 ag cruinniú de Choiste an Aontais um Beartas Eacnamaíoch, roimh chomhdháil COP23 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, a bhí ar siúl in Bonn.

Ranníocaíochtaí iomlána dar luach EUR 20.2 billiún[1] a fuarthas ón Aontas gona Bhallstáit in 2016, méadú nár bheag le hais 2015. Díríodh na ranníocaíochtaí go rathúil ar thionscnaimh chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus a oiriúnú i dtíortha i mbéal forbartha.

Céim thábhachtach atá sa ranníocaíocht sin i dtreo chur chun feidhme an chomhaontaithe maidir leis an athrú aeráide ar thángthas air i bPáras i mí na Nollag 2015 agus atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

Léiríonn an figiúr is déanaí a dhiongbháilte atá an tAontas cur go leanúnach lena ranníocaíocht idirnáisiúnta i ndáil leis an troid i gcoinne an athraithe aeráide i dtreo na sprice $100 billiún in aghaidh na bliana a socraíodh do thíortha tionsclaithe faoi 2020 agus ar aghaidh go dtí 2025. Faoi 2025, déanfaidh na páirtithe i gcreatchoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide sprioc nua chomhchoiteann a leagan síos. Déanfar ranníocaíochtaí le haghaidh bearta maolaithe agus oiriúnaithe a shlógadh ó réimse leathan foinsí: poiblí agus príobháideach, déthaobhach agus iltaobhach, agus foinsí eile maoiniúcháin san áireamh agus cuirfear chun feidhme iad ar bhealach trédhearcach.


[1] Áirítear san fhigiúr sin foinsí maoiniúcháin i ndáil leis an troid i gcoinne an athraithe aeráide ó bhuiséid phoiblí agus ó institiúidí airgeadais eile don fhorbairt, mar a thuairiscigh na Ballstáit i gcomhthéacs Airteagal 16 de Rialachán 525/2013 an 21 Bealtaine 2013. Áirítear ann freisin EUR 2.7 billiún de mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide ó bhuiséad an Aontais agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta, agus EUR 1.9 billiún ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024