Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Samhain 2017 11:40

Córas Faisnéise Schengen: Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta

Ar an 8 Samhain 2017, d’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper), thar ceann na Comhairle, sainordú caibidlíochta maidir le trí rialachán a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise Schengen:

  • i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla
  • i réimse na seiceálacha teorann
  • chun náisiúnaigh tríú tír a fhanann go neamhdhleathach a fhilleadh

Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh an Uachtaránacht i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe is féidir.

"Is uirlis ríthábhachtach Córas Faisnéise Schengen chun an tslándáil a áirithiú san Eoraip. Tá sé léirithe arís agus arís eile ag an gcóras sin an luach a bhaineann leis i dtaca le comhrac na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí. Leis na rialacháin nua seo, féachaimid leis an taithí a fuaireamar a chomhlánú, deireadh a chur leis na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chóras, agus comhroinnt faisnéise a spreagadh a thuilleadh i réimsí bainistithe slándála agus bainistithe imirce." Andres Anvelt, aire gnóthaí baile na hEastóine

Tugtar aghaidh sa dréachtrialachán ar na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chóras agus tugtar isteach roinnt athruithe ar an gcóras reatha.

Beidh an méid sin ina chuidiú ag comhrac na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, ina rannchuidiú ag an mbainistiú imirce, agus áiritheofar dá bharr ardleibhéal slándála san Aontas.

Catagóirí foláirimh

Leis na dréachtrialacháin, tugtar isteach catagóirí breise foláirimh sa chóras:

  • Foláirimh a eisiúint chun críche seiceálacha fiosrúcháin, céim idirghabhálach idir seiceálacha agus gabhálacha discréideacha, rud a fhágann gur féidir agallamh a chur ar dhaoine aonair.
  • Foláirimh maidir le daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine a bhfuiltear sa tóir orthu, lena bhforáiltear méarloirg nó lorg dearnan, a aimsítear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta agus gur mó an dochúlacht gur leis an gcoireach iad, a chur isteach i Córas Faisnéise Schengen.
  • foláirimh choisctheacha i gcomhair leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe, go háirithe i gcás fuadach leanaí ag tuismitheoir, chomh maith le daoine leochaileacha nach mór a chosc ó bheith ag taistealar mhaithe leo féin (i gcás ina bhfuil baol ann go dtarlódh pósadh éigeantais, ciorrú ball giniúna ban, nó gáinneáil ar dhaoine, mar shampla).
  • Foláirimh um fhilleadh, lena gceanglaítear foláireamh a thabhairt isteach i dtaca le cinntí maidir le filleadh a eisítear do náisiúnaigh tríú tír a fhanann go neamhdhleathach, ionas go bhfeabhsaítear an malartú faisnéise i dtaca le cinntí maidir le filleadh.

Ina theannta sin, cuirtear leis an liosta ábhar ar féidir foláirimh a eisiúint ina leith doiciméid agus nótaí bainc bhréagacha, mar aon le trealamh TF in-sainaitheanta, agus ábhar eile nach iad.

Anuas ar an méid sin, beidh tabhairt isteach foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen maidir le toirmeasc ar theacht isteach éigeantach feasta.

Na cineálacha sonraí

Leis na dréachtrialacháin, tugtar isteach an fhéidearthacht íomhánna d’aghaidh a úsáid chun críocha sainaithint a dhéanamh, go háirithe comhsheasmhacht a áirithiú i nósanna imeachta rialaithe ag teorainneacha. Beifear in ann próifíl DNA a úsáid freisin chun sainaithint daoine atá ar iarraidh a éascú i gcásanna nach bhfuil sonraí méarloirg, grianghraif, nó íomhanna d’aghaidh le fáil.

Rochtain ar shonraí

Faoi na dréachrialacháin, beidh Europol in ann rochtain a fháil ar gach catagóir sonraí i gCóras Faisnéise Schengen. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoi ghníomhaíocht a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a roinnt le Europol i gcás foláireamh a chur isteach i gCóras Faisnéise Schengen, chomh maith le hamais faoi fhaisnéis ghaolmhar. Ar an gcaoi sin, beidh Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa ag Europol in ann a sheiceáil an bhfuil aon fhaisnéis bhreise chomhthéacsúil le fáil i mbunachair Europol.

Chun na gcríoch a leagtar amach sa sainordú a tugadh di, beidh rochtain ag an ngníomhaireacht nua, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ar na catagóirí foláirimh i gCóras Faisnéise Schengen.

Cúlra

Is é Córas Faisnéise Schengen an córas TF is éifeachtúla agus is mó a úsáidtear san Aontas i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Tá breis agus 70 milliún foláireamh sa chóras, rud a fhágann go n-aimsítear breis agus 5000 duine agus earra in aghaidh an lae ar fud limistéar Schengen. I mí na Nollag 2016, thíolaic an Coimisiún Eorpach pacáiste reachtach chun feabhas a chur ar Chóras Faisnéise Schengen ó thaobh cúrsaí teicniúla de agus chun freagairt do chineálacha áirithe den choireacht thromchúiseach a bhí tagtha ar an bhfód, lena n-airítear an sceimhlitheoireacht.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024