Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Samhain 2017 04:25

Buiséad an Aontais Eorpaigh do 2018: Comhaontú bainte amach

Ar an 18 Samhain 2017 tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad an Aontais do 2018 ina léirítear go soiléir príomhthosaíochtaí beartais an Aontais.

Socraíodh na gealltanais ag €160.1 billiún agus na híocaíochtaí ag €144.7 billiún.

“Rinneamar tréaniarracht, i mbliana, chun an tairbhe is fearr a bhaint as caiteachas an Aontais, agus ag an am céanna solúbthacht leordhóthanach a choinneáil ionas go bhféadfaí freagairt do riachtanais nach bhféadfaí a thuar”, a dúirt Märt Kivine, Leas-Aire Airgeadais na hEastóine agus príomh-idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2018. “Le buiséad 2018, dírítear go mór ar thosaíochtaí amhail borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoi chruthú post, an tslándáil a neartú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himirce.”

Tá 14 lá ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chun an téacs comhpháirteach a fhormheas.

 

Ceannteidil do bhuiséad 2018 an Aontais (i milliúin €)

 

Gealltanais 

Íocaíochtaí

1. Fás cliste cuimsitheach

77,534

66,624

- 1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

22,001

20,097

- 1b. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

55,532

46,527

2. Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

59,285

56,084

3. Slándáil agus saoránacht

3,493

2,981

4. An Eoraip Domhanda

9,569

8,906

5. Riarachán 

9,666

9,666

Ionstraimí speisialta

0,567

0,420

IOMLÁN 

160,114

144,681

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024