Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), 17/11/2017, 17 Samhain 2017

Na príomhthorthaí

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad an Aontais do 2018 ina léirítear go soiléir príomhthosaíochtaí beartais an Aontais.

Socraíodh na gealltanais ag EUR 160.1 billiún agus na híocaíochtaí ag EUR 144.7 billiún.

“Rinneamar tréaniarracht, i mbliana, chun an tairbhe is fearr a bhaint as caiteachas an Aontais, agus ag an am céanna solúbthacht leordhóthanach a choinneáil ionas go bhféadfaí freagairt do riachtanais nach bhféadfaí a thuar”, a dúirt Märt Kivine, Leas-Aire Airgeadais na hEastóine agus príomh-idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2018. “Le buiséad 2018, dírítear go mór ar thosaíochtaí amhail borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoi chruthú post, an tslándáil a neartú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himirce.”

Tá 14 lá ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chun an téacs comhpháirteach a fhormheas.

Ceannteidil do bhuiséad 2018 an Aontais (i milliúin €)

 

Gealltanais 

Íocaíochtaí

1. Fás cliste cuimsitheach

77,534

66,624

- 1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

22,001

20,097

- 1b. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

55,532

46,527

2. Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

59,285

56,084

3. Slándáil agus saoránacht

3,493

2,981

4. An Eoraip Domhanda

9,569

8,906

5. Riarachán 

9,666

9,666

Ionstraimí speisialta

0,567

0,420

IOMLÁN 

160,114

144,681

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025