- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 22 Bealtaine 2019 10:42
Rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle: Tuarascáil 2018
D'fhormheas an Chomhairle a tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
Léirítear sa tuarascáil go raibh beagnach 400 000 doiciméad liostaithe sa chlár poiblí ar an 31 Nollaig 2018. I measc na ndoiciméad sin, ba dhoiciméid phoiblí níos mó ná 70% díobh a bhí ar fáil le híoslódáil.
An bhliain seo caite, cuireadh breis is 25 000 doiciméad sa bhunteanga leis an gclár, ar doiciméid phoiblí iad 71% díobh sin, is é sin le rá 18 053 doiciméad. Breathnaíodh ar chlár poiblí na Comhairle thart ar 477 500 uair.
Is féidir le duine ar bith rochtain a iarraidh ar dhoiciméid atá liostaithe sa chlár poiblí ach nach doiciméid phoiblí iad. Ní féidir rochtain a dhiúltú ach amháin ar bhonn ceann amháin de na heisceachtaí dá bhforáiltear i Rialachán 1049/2001. Áirítear orthu sin, i measc nithe eile, an gá le próiseas cinnteoireachta na hinstitiúide a chosaint agus leas an phobail a chosaint i ndáil le cúrsaí cosanta agus míleata agus caidreamh idirnáisiúnta. Má dhiúltaítear rochtain i dtús báire, is féidir iarratas daingniúcháin a dhéanamh.
In 2018, fuair an Chomhairle 2 474 iarraidh thosaigh ar rochtain ar dhoiciméid agus 29 n-iarratas daingniúcháin, rud a d'fhág gur ghá 7 930 dhoiciméad a anailísiú. Tugadh rochtain iomlán, ag an gcéim thosaigh, ar 5 728 doiciméad (72.2%) agus rochtain pháirteach ar 413 doiciméad (5.2%). Maidir le hiarratais daingniúcháin, tugadh rochtain iomlán ar 41 doiciméad (64%) agus rochtain pháirteach ar 9 doiciméad (14%).
Bhain leath na ndoiciméad a iarradh le ceann de na réimsí beartais seo a leanas: an ceartas agus gnóthaí baile, an comhshaol, caidreamh seachtrach agus beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.
Ba ó lucht acadúil a tháinig thart ar 29% de na hiarrataí agus ba ó ionadaithe de chuid eagraíochtaí éagsúla sa tsochaí shibhialta agus san earnáil phríobháideach a tháinig 27% díobh.
The pie chart shows that upon initial request, full access was granted to 5728 documents (72.2%), partial access to 413 documents (5.2%). Requests for access to document were refused for 1792 documents (22.6%).
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Márta 2025