Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 22-23/05/2019, 22-23 Bealtaine 2019

Na príomhthorthaí

22 Bealtaine 2019 – An Óige agus an tOideachas

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le daoine óga agus todhchaí na hoibre. D'fhonn aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna amhail éiginnteacht agus coinníollacha oibre neamhbhuana, moltar na bearta seo a leanas sna conclúidí:

  • córais oideachais agus oiliúna atá inoiriúnaithe agus freagrúil
  • foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn
  • aistrithe réidhe ón láthair scoile go dtí an láthair oibre agus ó phost go post
  • rochtain chomhionann ar phoist ar ardchaighdeáin do dhaoine óga amach anseo
Tá fás eacnamaíoch inbhuanaithe ann san Aontas agus tá rátaí dífhostaíochta an-íseal. Mar sin féin, tá dífhostaíocht i measc na hóige sách ard go fóill. Ag an am céanna tá athrú suntasach ag teacht ar phatrúin oibre. Ní foláir dúinn a chinntiú go bhféadfaidh daoine óga brath ar scéimeanna oiliúna leordhóthanacha agus poist ar ardchaighdeán a fháil nuair a thagann deireadh lena chuid staidéir. Constantin-Bogdan Matei, Aire Óige agus Spóirt na Rómáine

Ghlac na hairí freisin rún lena mbunófar treoirlínte maidir le rialachas Idirphlé Óige an Aontais. Rannchuideoidh Idirphlé Óige an Aontais, ina mbíonn eagraíochtaí don óige, lucht ceaptha beartais, saineolaithe agus taighdeoirí páirteach, le cuspóirí foriomlána Straitéis AE i leith na hÓige tríd an méid seo a leanas:

  • rannpháirtíocht daoine óga i saol daonlathach na hEorpa a spreagadh
  • rannpháirtíocht chomhionann na mban óg agus na bhfear óg a chur chun cinn
  • guthanna éagsúla a áireamh agus an deis a áirithiú do dhaoine óga uile rannchuidiú le ceapadh beartais

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle dar teideal 'Daoine óga mar ghníomhaithe an daonlathais san Aontas'. Bhí an díospóireacht ar siúl roimh na toghcháin Eorpacha atá romhainn amach, agus i gcomhthéacs roinnt toghchán a bheidh ar siúl in 2019 freisin i mBallstáit éagsúla de chuid an Aontais. 18 mbliana agus 25 bliana an aois atá ag na scoláirí ollscoile a chuir tús léi.

Ghlac na hairí moladh maidir le cur chuige cuimsitheach i leith múineadh agus foghlaim teangacha. Is é is aidhm don rún bealaí a fhiosrú chun cuidiú leis na daoine óga uile na hinniúlachtaí a fháil in dhá theanga eile sa bhreis ar a máthairtheanga/a gcéad theanga.

Is tosaíocht sheanbhunaithe de chuid an Aontais i réimse an oideachais é foghlaim teangacha a chur chun cinn. Tá sé in am gníomhú! I dtimpeallacht oibre an-dinimiciúil an lae inniu ní thig a cheadú go mbeidh easpa scileanna teanga ina bacainn ar an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas nó ar fud na cruinne. Ní mór do na Ballstáit infheistiú i múineadh agus i bhfoghlaim na dteangacha i scéimeanna éigeantacha oideachais, agus feabhas a chur orthu. Ecaterina Andronescu, Aire Oideachais Náisiúnta na Rómáine

Ghlac na hairí moladh ón gComhairle maidir le córais oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán. Is é is aidhm don mholadh tacú leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí chun feabhas a chur ar inrochtaineacht agus cáilíocht a gcóras oideachais agus cúraim luath-óige, agus ag an am céanna a aithint go bhfuil an phríomhfhreagracht ar na Ballstáit sa réimse seo.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cur chun feidhme an mholta ón gComhairle i ndáil le conairí uas-scilithe: deiseanna nua do dhaoine fásta. Aithnítear sna conclúidí an dul chun cinn a baineadh amach ar an leibhéal náisiúnta agus iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • bearta inbhuanaithe, fadtéarmacha a chur i bhfeidhm maidir le hathoiliúint agus uasoiliúint daoine fásta
  • cur chuige straitéiseach comhleanúnach a ghlacadh maidir le bunscileanna a chur ar fáil do dhaoine íseal-oilte íseal-cháilithe
  • feasacht fostóirí a mhúscailt, FBManna go háirithe, faoina thábhachtaí atá uasoiliúint agus athoiliúint agus faoi na sásraí tacaíochta atá ar fáil d'fhorbairt scileanna daoine fásta.

Ar bhonn plépháipéar ón Uachtaránachta, thionóil na hairí díospóireacht bheartais dar teideal 'Todhchaí na hEorpa a fhorbairt: rannchuidiú an oideachais agus na hoiliúna leis an gcomhtháthú sóisialta a neartú'. Ba é b'aidhm don díospóireacht machnamh a dhéanamh ar chéimeanna nithiúla amach anseo i bhforbairt Limistéar Eorpach an Ardoideachais faoi 2025, le béim ar leith ar an gcomhtháthú a neartú.

Aon ghnó eile

DiscoverEU

Thíolaic an Coimisiún tuarascáil maidir leis na chéad torthaí den tionscnamh "DiscoverEU".

Comórtas WorldSkills 2023

Thíolaic toscaireacht na Fraince tairiscint na Fraince comórtas WorldSkills a óstáil in 2023 i gcathair Lyon.

An Cruinniú Mullaigh Oideachais

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dara Cruinniú Mullaigh Oideachais, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil i mí Mheán Fómhair.

An t-oideachas agus an comhrac an fhrith-sheimíteachais

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi dhá thionscadal i réimse chomhrac an fhrith-Sheimíteachais.

Clár oibre uachtaránacht nua na Fionlainne

Thíolaic toscaireacht na Fionlainne a tosaíochtaí i réimsí na hóige agus an oideachais.

Príomhphointí ón gComhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (an tOideachas & an Óige), a bhí ar siúl ar an 22 Bealtaine 2019 sa Bhruiséil.

23 Bealtaine 2019 – An Cultúr agus an Spórt

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le glúine óga cruthaitheacha. Sna conclúidí, aithnítear an gá atá le cur chuige níos straitéisí maidir le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chultúr, agus bearta lena n-éascófaí idirthréimhse réidh ón gcóras oideachais go dtí an margadh saothair a spreagadh.

Braitheann todhchaí na hEorpa ar na hEorpaigh óga. Ach an bhfuil na glúine óga faoi réir don todhchaí? Ní leor oideachas agus oiliúint a chur orthu. Ní mór cumas cruthaitheachta agus smaointeoireacht chriticiúil na ndaoine óga a fheabhsú. Ba cheart rochtain níos fearr a bheith ag leanaí agus ag daoine óga ar chultúr agus ba cheart ugach a thabhairt dóibh a bheith rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcultúr gur fearr a bheidh siad in ann déileáil le dúshláin an tsaoil. Cuirfidh sé sin dlús leis na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha go fadtéarmach rud a fhágann go mbeidh dea-thionchar aige ar an ngeilleagar i gcoitinne. Valer-Daniel BREAZ, Aire Cultúir agus Aitheantais Náisiúnta na Rómáine

Ina theannta sin, ghlac na hairí conclúidí maidir le cúrsaíocht trasteorann saothar closamhairc Eorpach a fheabhsú, go mór mór comhléiriúcháin. Sna conclúidí, aithnítear gur mór an tsócmhainn ag earnáil chlosamhairc na hEorpa éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch na hEorpa agus moltar bearta d’fhonn éiceachóras fabhrach a bhunú chun comhléiriúcháin a chruthú.

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle, bunaithe ar phlépháipéar ón Uachtaránacht, dar teideal "Ón mbréagaisnéis a chomhrac go muinín shaoránach an Aontais sna meáin a atógáil".

I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar rún 2011 maidir le hionadaíocht agus comhordú a dhéanamh roimh chruinnithe na Gníomhaireachta Dhomhanda Frithdhópála (WADA), ghlac airí rún maidir le hionadaíocht Bhallstáit an Aontais ar Bhord Forais WADA agus maidir le comhordú a dhéanamh roimh chruinnithe WADA. Meabhraítear sa rún gur ar ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais a leithdháiltear trí shuíochán ar Bhord Forais WADA.

Ian theannta sin, ghlac na hairí conclúidí maidir le rochtain ar spórt do dhaoine faoi mhíchumas. Is é is príomhaidhm do na conclúidí sin a rannpháirtíocht siúd atá faoi mhíchumas i gcúrsaí spóirt – de gach cineál – a chur chun cinn, i gcomhréir leis an aidhm fhoriomlán maidir leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn, agus prionsabail ghinearálta agus cuspóirí ginearálta Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí, bunaithe ar phlépháipéar ón Uachtaránacht, dar teideal "Rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga a mhéadú sa spórt san Eoraip san 21ú hAois".

Aon ghnó eile

Ainmniúchán Veszprém mar phríomhchathair chultúir na hEorpa don bhliain 2023

Chuir toscaireacht na hUngáire faisnéis ar fáil faoin gcoincheap atá ceaptha ag cathair Veszprém maidir le teideal Phríomhchathair Chultúir na hEorpa don bhliain 2023.

Toradh chruinniú aireachta Pháras ar an oidhreacht chultúrtha

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas maidir leis an toradh a bhí ar chruinniú na n-airí cultúir agus gnóthaí Eorpacha, a bhí ar siúl i bPáras an 3 Bealtaine 2019, i ndiaidh na tine a tharla in ardeaglais Notre-Dame. Caillteanas ollmhór do mhuintir na Eorpa ab é sin. Ag an gcruinniú sin, ar a ndearna an Fhrainc agus Uachtaránacht na Rómáine cathaoirleacht, chuir na hairí in iúl a dtiomantas do ghréasán saineolais Eorpach maidir le hoidhreacht chultúrtha a chruthú. Beidh an gréasán sin dírithe ar chomhairle agus ar thacaíocht a thabhairt do Bhallstát tráth a mbeadh sin de dhíth air.

Bhí an cruinniú ar siúl ar an 3 Bealtaine 2019, i ndiaidh na tine a tharla in ardeaglais Notre-Dame. Caillteanas ollmhór do mhuintir na Eorpa ab é sin. Ag an gcruinniú sin, ar a ndearna an Fhrainc agus Uachtaránacht na Rómáine cathaoirleacht, chuir na hairí in iúl a dtiomantas do ghréasán saineolais Eorpach maidir le hoidhreacht chultúrtha a chruthú. Beidh an gréasán sin dírithe ar chomhairle agus ar thacaíocht a thabhairt do Bhallstát tráth a mbeadh sin de dhíth air.

Cruinnithe a bhí ag an nGníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála (WADA), (ar an 14 go dtí an 16 Bealtaine, 2019, in Montréal, Ceanada)

Chuir ionadaithe Bhallstáit an Aontais ar Bhord Forais WADA an Chomhairle ar an eolas maidir leis na cruinnithe is déanaí a bhí ag WADA.

Clár oibre uachtaránacht nua na Fionlainne

Thíolaic toscaireacht na Fionlainne a tosaíochtaí i réimsí an chultúir agus an spóirt.

Príomhphointí ón gComhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, a bhí ar siúl ar an 23 Bealtaine 2019, sa Bhruiséil

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025