Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Meán Fómhair 2019 12:00

EUCAP Somalia: ceann misin nua ceaptha

Ceapadh Christopher Reynolds inniu mar cheann ar mhisean an Aontais um fhothú acmhainneachta sa tSomáil, EUCAP Somalia. Tagann sé i gcomharbas ar an gceann misin reatha, Maria-Cristina Stepanescu (ón Rómáin), a bhí i mbun an phoist sin ón 1 Meán Fómhair 2016.

Éireannach is ea Christopher Reynolds, a bhí ina leascheann misin agus ina cheann foirne ó mhí Eanáir 2019 i leith. Bhí sé ina cheann ar oibríochtaí an mhisin ó 2016 go 2017. Roimhe sin, bhí sé i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann agus i nGarda Cósta na hÉireann.

Is é sainordú EUCAP Somalia feabhas a chur ar chumas na Somáilean dlí sibhialta i gcúrsaí muirí a fhorfheidhmiú, trí thacú le húdaráis na Somáile agus an reachtaíocht a bhfuil gá léi á forbairt aici, neart a chur le slabhra an cheartais choiriúil sa réimse muirí, agus oiliúint agus trealamh a sholáthar. Leis an misean freisin, tugtar comhairle faoi bheartas d'aireacht slándála inmheánaí na Somáile agus do na póilíní, mar thacaíocht le tionscadail ón Aontas agus ó na comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Mairfidh sainordú reatha an mhisin go dtí an 31 Nollaig 2020. Tá buiséad €66.1 milliún ag an misean don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí 31 Nollaig 2020 agus tá sé comhdhéanta de 111 bhall foirne ó 19 dtír (93 bhall foirne idirnáisiúnta agus 18 mball foirne áitiúla). Is i Mogaidisiú atá sé bunaithe agus tá oifigí allamuigh aige in Garowe (Puntland) agus Hargeisa (Críoch Shomáile).

Is cuid de chur chuige cuimsitheach an Aontais maidir leis an tSomáil EUCAP Somalia, lena gcuimsítear iarrachtaí taidhleoireachta, tacaíocht don fhorbairt, cabhair dhaonnúil chomh maith le rannpháirtíocht i réimse an smachta reatha agus an fhorfheidhmithe dlí. Áirítear dhá mhisean chomhlántacha faoi Chomhbheartas Slándála agus Chosanta an Aontais Eorpaigh air sin: Oibríocht EUNAVFOR ATALANTA a chuidíonn le píoráideacht a chomhrac amach ó chósta na Somáile, agus EUTM Somalia a thugann comhairle pholaitiúil agus comhairle mhíleata straitéiseach d'údaráis na Somáile agus a rannchuidíonn le hacmhainní oiliúna Arm Náisiúnta na Somáile a fhorbairt.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024