Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 21 Feabhra 2020 20:15

A raibh le rá ag an Uachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe urghnách a bhí ag an gComhairle Eorpach ar an 20-21 Feabhra 2020

D'oibríomar go dian le roinnt seachtainí anuas chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú faoin gcéad bhuiséad Eorpach eile.

Ar an drochuair, tá sé tugtha faoi deara againn inniu nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú. Tá sé tugtha faoi deara againn go dteastaíonn níos mó ama uainn. Tá a fhios againn gur ábhar fíorachrannach é an buiséad Eorpach seo, gur caibidlíocht an-deacair é, go háirithe tar éis Brexit agus an bhearna idir 60 agus 75 billiún euro.

“D'oibríomar go dian dícheallach chun réiteach a fháil ar na hábhair imní éagsúla, na leasanna éagsúla agus na tuairimí éagsúla atá á bplé. Ach tá níos mó ama uainn. Ciallaíonn sé sin go bhfeicfimid amach anseo conas is féidir obair a dhéanamh ar an ábhar seo ionas go n-éireodh linn, d'fhonn teacht ar chomhaontú sa Chomhairle, chun go mbeidh aontoilíocht sa Chomhairle.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na toscaireachtaí go léir agus leis na cinn stáit nó rialtais, a léirigh go raibh siad an-sásta oibriú linn ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin, ar ndóigh, leis an gCoimisiún, le Ursula von der Leyen agus lena foireann ar fad as a dtacaíocht go léir le roinnt seachtainí agus laethanta anuas.

Ar ndóigh, táimid tiomanta agus diongbháilte i gcónaí. Tá a fhios againn gur tionscadal é an tionscadal Eorpach a éilíonn iarracht agus teannas, buanseasmhacht agus diongbháilteacht. Is é seo an spiorad atá againn agus a bhíonn dár dtiomáint. Is maith is eol dúinn cineál na srianta agus na ndúshlán atá os ár gcomhair amach. Tá a fhios againn go bhfuil an-chuid saincheisteanna idir lámha na n-institiúidí Eorpacha, agus go raibh an cruinniú a tionóladh inné, aréir agus inniu ar cheann de na cruinnithe ónar féidir linn foghlaim chomh maith conas is féidir linn an tionscadal Eorpach seo a thabhairt chun cinn amach anseo.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2025