"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Ráiteas ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel maidir le comhaontú an Ghrúpa Euro
Céim mhór chun cinn dúinn comhaontú seo an Ghrúpa Euro. Tá breis agus cúig chéad billiún euro ar fáil anois chun cosaint a thabhairt do thíortha, do lucht oibre agus do lucht gnó an Aontais Eorpaigh. Pacáiste é seo nach bhfacthas a leithéid riamh; is leis a iompróimid ár ndíol féin den ualach. Is é aidhm an chomhréitigh seo faoiseamh spriocdhírithe a chur ar fáil go sciobtha.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Tacú le geilleagair na hEorpa – is air sin a dhíríonn comhaontú seo na n-airí airgeadais. Cuirfear tacaíocht éigeandála paindéime ar fáil, mar línte creidmheasa réamhchúramacha, faoi chuimsiú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh.
Ar an dara dul síos, ba cheart ionstraim shealadach dlúthpháirtíochta a bhunú chun iasachtaí ón Aontas a thabhairt ar théarmaí fabhracha do na Ballstáit d’fhonn oibrithe agus poist a chosaint le linn na géarchéime reatha.
Agus ar an tríú dul síos, cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta chun feidhme a thogra maidir le ciste ráthaíochta uile-Eorpach a chruthú chun tacú le gnólachtaí an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, le linn na géarchéime seo.
Ina theannta sin, táthar tar éis teacht ar chomhaontú maidir le féachaint an bhféadfaí Ciste Téarnaimh sealadach a bhunú chun téarnamh eacnamaíoch láidir Eorpach a chinntiú sna Ballstáit uile.
Cuirfidh an tUachtarán an obair seo i gceann a chéile i bhfianaise na chéad fhíschomhdhála eile le comhaltaí na Comhairle Eorpaí Déardaoin, an 23 Aibreán 2020.
"Is mithid an ród a réiteach don téarnamh láidir eacnamaíoch. Ní mór go ndéanfadh an plean seo athsheoladh ar an ngeilleagar agus an cóineasú eacnamaíoch a chur chun cinn san Aontas. Ní mór go mbeadh áit thábhachtach ag buiséad an Aontais san obair sin. Táim féin agus Uachtarán an Choimisiúin ag obair ar Threochlár agus ar Phlean Gníomhaíochta chun folláine gach Eorpaigh a chinntiú agus chun an fás láidir, inbhuanaithe, cuimsitheach – bunaithe ar straitéis ghlas dhigiteach – a chur ar bun arís san Aontas.”
Teagmhálaithe preasa
Beatriz Navarro
Deputy spokesperson for the European Council President