Freagairt ar ghéarchéimeanna
Faigh amach faoin gcaoi a bhfreagraíonn an tAontas do ghéarchéimeanna agus do thubaistí nádúrtha agus do ghéarchéimeanna agus do thubaistí arb é an duine is cúis leo ar fud an domhain.
I gcás géarchéime, tá roinnt sásraí ar fáil don Aontas agus dá Bhallstáit chun cabhair a chur ar fáil agus chun cabhrú leis an staid a réiteach nó a fheabhsú.
I gcás guaiseacha nádúrtha, géarchéimeanna sláinte nó coinbhleachtaí, cuireann an tAontas cúnamh tapa, éifeachtach agus comhordaithe ar fáil san Eoraip agus thar lear.
An chaoi a gcomhordaíonn an Chomhairle freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna
Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh an fhreagairt ar ghéarchéimeanna móra, casta san Eoraip agus ar fud an domhain a chomhordú ar an leibhéal polaitiúil tríd an sásra comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR).
Le IPCR, tugtar le chéile Ballstáit an Aontais, institiúidí an Aontais agus príomhghníomhaithe eile atá thíos leis an ngéarchéim nó a bhfuil baint acu léi chun tacú le comhthuiscint ar an staid agus chun bearta freagartha a mholadh. Tá IPCR gníomhachtaithe go hiomlán faoi láthair don staid sa Mheánoirthear, do chogadh na Rúise ar an Úcráin agus do ghéarchéim na himirce agus na ndídeanaithe.
Cabhair dhaonnúil
I dteannta a chéile, is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan. Trína chabhair dhaonnúil, cuidíonn an tAontas leis na pobail is leochailí trí thacaíocht riachtanach tarrthála a chur ar fáil le linn géarchéimeanna.
Na príomhréimsí cúnaimh
An tslándáil bia
Cothú
An cúram sláinte éigeandála
Uisce agus sláintíocht
Dídean
Seirbhísí cosanta
Áirítear ar an bpríomhchúnamh freisin aistrithe airgid le haghaidh riachtanais phráinneacha, oideachas i gcásanna éigeandála, agus ullmhacht i gcomhair tubaistí chun athléimneacht in aghaidh tubaistí a bhaineann leis an aeráid a neartú.
Is é an tAontas agus a Bhallstáit a mhaoiníonn cúnamh daonnúil an Aontais agus is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta a chuireann ar fáil ar an láthair é. Tá sé bunaithe ar phrionsabail dhaonnúla na neodrachta, na daonnachta, an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta.
An chosaint shibhialta
Is féidir le haon tír san Eoraip agus níos faide i gcéin cabhair a iarraidh ón Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta i gcás éigeandáil nach leor cumas freagartha an tsásra ina haghaidh. Ina a leithéid de chás, is féidir leis an Aontas EUCPM a ghníomhachtú chun comhordú a dhéanamh ar imscaradh foirne agus trealaimh speisialaithe, cuir i gcás eitleáin comhraicthe dóiteáin, foirne cuardaigh agus tarrthála, cógais agus pearsanra leighis.
Is iad ráigeanna galar, falscaithe, tuilte, cioclóin thrópaiceacha, creathanna talún agus coinbhleacht na héigeandálaí is coitianta a spreagann EUCPM. Gníomhachtaíodh an sásra níos mó ná 800 uair ó 2001, agus gníomhachtaíodh é 64 uaire in 2025.
Cosaint chonsalach
I gcás géarchéime, tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais cabhair a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon Bhallstáit eile de chuid an Aontais i dtír nach bhfuil san Aontas mura bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta ag a mBallstát féin ann.
Cuirtear cúnamh ar fáil i gcás pasanna nó cártaí aitheantais a chailltear nó a ghoidtear, gabháil nó coinneáil, íospartach coire, tionóisc thromchúiseach nó breoiteacht thromchúiseach, aisdúichiú nó bás.
Na blaisíní breise is déanaí
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
Cúnamh airgeadais an Aontais don Úcráin
Tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026