Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 6 Samhain 2020 13:05

Síneadh bliana curtha leis an gcóras smachtbhannaí i gcoinne gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha sa Mheánmhuir Thoir

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena gcuirfear síneadh bliana, go dtí an 12 Samhain 2021, leis an gcreat atá ann cheana do bhearta sriantacha mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.

Dá bhrí sin, leanfaidh an tAontas de bheith in ann bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur ar dhaoine nó eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe hidreacarbón sa Mheánmhuir Thoir nó a bhfuil lámh acu iontu.

Is éard atá sna smachtbhannaí toirmeasc taistil chuig an Aontas agus reo sócmhainní i gcás daoine, agus reo sócmhainní i gcás eintiteas. Ina theannta sin, tá cosc ar dhaoine agus ar eintitis de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.

Faoi láthair, tá beirt faoi réir smachtbhannaí.

Cúlra

Tá an córas smachtbhannaí i gcoinne gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha sa Mheánmhuir Thoir ag teacht sna sála ar chonclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019, a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2019, nuair a d’athdhearbhaigh an tAontas a dhlúthpháirtíocht iomlán leis an gCipir i ndáil lena ceannasacht agus a cearta ceannasacha a urramú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus d’iarr sé ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tograí le haghaidh creat do bhearta sriantacha a thíolacadh.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024