Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 1 Nollaig 2020 19:05

Limistéar Eorpach Taighde Nua: Conclúidí glactha ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle tacar conclúidí maidir le leasú ó bhonn a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET) sna blianta amach romhainn. Is dhá gharsprioc thábhachtacha iad na conclúidí sin agus an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “A new ERA for Research and Innovation” [LET nua le haghaidh taighde agus nuálaíochta] sna hiarrachtaí chun limistéar coiteann taighde a thógáil a bheidh níos inláimhsithe agus níos éifeachtaí ag taighdeoirí, nuálaithe agus saoránaigh ar fud na hEorpa.

De réir na Comhairle, ba cheart don LET nua nasc níos fearr a chruthú idir an taighde agus; an nuálaíocht le réimsí beartais ábhartha, go háirithe leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus leis na héiceachórais thionsclaíocha éagsúla.

Sna conclúidí sin, cuireann an Chomhairle i dtreis gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit LET nua a chomhchruthú agus a chur chun feidhme go comhpháirteach, chun go gcuirfear ar chumas Bhallstáit uile an Aontais, institiúidí taighde, eolaithe, gnólachtaí agus saoránaigh araon tairbhe a bhaint as.

Leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh oscailteacht leanúnach ann maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta chun spriocanna LET nua a bhaint amach agus chun tacú le ról na hEorpa mar cheannaire domhanda, rud a bheidh ina chabhair le tuilleadh daoine cumasacha agus infheistíochtaí a mhealladh.

Cuirtear béim ar leith ar thaighde níos dlúithe agus; comhordú nuálaíochta sa LET idir leibhéil réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha chun tionchar na n-infheistíochtaí a uasmhéadú, chun comhchuspóirí beartais a bhaint amach agus chun an scoilt T&N a laghdú ar fud an Aontais.

Leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle spriocanna nua LET. Sainítear leo freisin roinnt réimsí tosaíochta inar cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Ar deireadh, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit clár oibre beartais LET agus samhail rialachais il-leibhéil a cheapadh in 2021 a bheidh in ann LET nua a bhaint amach.

Cúlra

Aithníodh i gclár oibre na gCeannairí Eorpacha 2019-2024 an gá atá le fís nua LET; cuirtear i bhfios go láidir ann nach “mór dúinn dlús a chur leis an infheistíocht i scileanna agus in oideachas na ndaoine, níos mó a dhéanamh chun fiontraíocht agus nuálaíocht a chothú agus iarrachtaí taighde a mhéadú, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta Eorpaí”.

An 30 Meán Fómhair 2020 a eisíodh an Teachtaireacht ón gCoimisiún “A new ERA for Research and Innovation” [LTE nua don Taighde agus don Nuálaíocht].

Déantar foráil i bhFís Eorpach do chaibidil maidir le “Rannpháirtíocht a leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú” le 3.3 % ar a laghad de bhuiséad foriomlán Fhís Eorpach.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025