Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 10 Bealtaine 2022 17:05

Srí Lanca: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir lena bhfuil tite amach le déanaí

Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an Aontas Eorpach agus a 27 mBallstát ar a bhfuil ag titim amach i Srí Lanca. Cáineann an tAontas an t-ionsaí brúidiúil a rinneadh le déanaí ar agóideoirí síochánta in Colombo, as ar eascair tuilleadh foréigin agus mí caite i mbun léirsithe síochánta roimhe sin, léirsithe a léirigh, in ainneoin roinnt teagmhas ar leith, go bhfuil muintir Shrí Lanca in ann a gceart chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú go síochánta. Is olc leis an Aontas an bás a bhí mar thoradh air, bás Fheisire Parlaiminte san áireamh, mar aon le líon ard na ndaoine a gortaíodh.

Iarrann an tAontas ar na húdaráis tús a chur le himscrúdú ar ar tharla agus iad siúd atá ag gríosú nó ag úsáid foréigin a thabhairt chun cuntais. Tathantaíonn an tAontas ar na páirtithe uile staonadh ón bhforéigean agus guaim a choinneáil orthu féin.

Meabhraítear don Aontas a thábhachtaí atá sé cearta daonlathacha na saoránach uile a chosaint, agus díriú ar réitigh lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin shuntasacha atá roimh mhuintir Shrí Lanca faoi láthair.

Le cúpla mí anuas, chuir an tAontas cabhair dhaonnúil ar fáil, lena n-áirítear chun déileáil le géarchéim COVID agus leis na dúshláin a d'eascair aisti, agus tá sé ag féachaint go gníomhach ar bhealaí chun tionchar na géarchéime eacnamaíche ar na daoine is leochailí a mhaolú a thuilleadh.


Tá na Tíortha is Iarrthóirí, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an A1, tír an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tír a d'fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus tíortha CSTE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, tíortha ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, mar aon le Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia, ag seasamh leis an dearbhú seo.

1)Tá an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2024