- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 19 Márta 2025 12:15
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais i ndáil le tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin
An 28 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/4371.
Le Cinneadh (CBES) 2025/437, cuirtear síneadh leis na bearta sriantacha go dtí an 6 Márta 2026.
Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Lichtinstéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/437, 3.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/437/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Márta 2025