Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 24 Meitheamh 2025 08:40

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

An 12 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/11991.

I bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta cumhachta i nGuatamala, lena n-áirítear tríd an gcóras ceartais a ionstraimiú chun díriú ar oifigigh thofa, ar chosantóirí chearta an duine, ar iriseoirí, ar cheannairí dúchasacha agus ar oibreoirí breithiúnacha neamhspleácha, le Cinneadh (CBES) 2025/1199 ón gComhairle, cuirtear triúr agus eintiteas amháin le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin. Leis an gCinneadh, tugtar na hiontrálacha do chúigear cothrom le dáta freisin.

Seasann an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1IO L, 2025/1199, 12.06.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1199/oj.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Meán Fómhair 2025