- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 8 Lúnasa 2025 11:34
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag ailíniú le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
An 29 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1705 ón gComhairle1.
Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, scriostar an iontráil a bhaineann le duine amháin agus coinnítear ar bun na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine agus gach eintiteas eile a luaitear sna liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333.
Seasann an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/1705, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1705/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anouar El Anouni Spokesperson
- +32 2 291 35 80
- +32 229-13580
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Deireadh Fómhair 2025