- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 4 Meán Fómhair 2025 17:05
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
An 26 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/12791.
Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuirtear 1 duine nádúrtha amháin le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha.
Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1IO L, 2025/1279, 26.06.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1279/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Meán Fómhair 2025