Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
Scagairí:
- Cogadh na Rúise ar an Úcráin
8 Aibreán 2022
6 Aibreán 2022
- Tuarascáil ón Uachtarán Charles Michel chuig seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa
Tuarascáil ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, chuig seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa maidir leis an toradh a bhí ar an gcruinniú den Chomhairle Eorpaí an 24 go dtí an 25 Márta 2022.
- An Úcráin: Íocaíocht láithreach dar luach €3.5 billiún formheasta ag an gComhairle do thíortha an Aontais atá ag glacadh le dídeanaithe
Togra formheasta ag ambasadóirí an Aontais chun an cistiú tosaigh ó REACT-EU a mhéadú chun cabhrú le dídeanaithe na hÚcráine.
4 Aibreán 2022
- An Úcráin: €17 mbilliún de chistí an Aontais chun cabhrú le dídeanaithe
Leis na cistí sin, cinnteofar tacaíocht do dhaoine atá ag lorg tearmainn ó ionradh na Rúise ar an Úcráin agus do na Ballstáit atá á n-óstáil.
- Cúnamh do Phoblacht na Moldóive – dar luach €150 milliún – glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle cúnamh macrairgeadais breise, dar luach €150 milliún, do Phoblacht na Moldóive.
- An Úcráin: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir leis na hainghníomhartha a rinne an Rúis in Bucha agus i mbailte eile san Úcráin
D’eisigh an tAontas dearbhú inar cáineadh a láidre is féidir na hainghníomhartha ar tuairiscíodh go ndearna fórsaí armtha na Rúise iad i roinnt bailte san Úcráin a bhí faoi fhorghabháil, Bucha san áireamh.
25 Márta 2022
- A raibh le rá ag an Uachtarán Charles Michel ag an bpreasagallamh a tugadh tar éis chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022
Tar éis an chruinnithe a bhí ag an gComhairle Eorpach, chuir an tUachtarán Charles Michel i láthair na príomhthorthaí a bhí ar an bplé a rinne ceannairí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an Úcráin, agus le fuinneamh, slándáil agus cosaint, saincheisteanna eacnamaíocha, COVID-19 agus an caidreamh seachtrach.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 24-25 Márta 2022
An 24-25 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin, an tslándáil agus an chosaint, fuinneamh, saincheisteanna eacnamaíocha, COVID-19, an caidreamh seachtrach agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí a thoghadh.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin, an 24 Márta 2022
An 24 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an bhfogha míleata atá á thabhairt ag na Rúis faoin Úcráin.
24 Márta 2022
- Léamh comhpháirteach ón gComhairle Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe
Bhí Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, in éineacht le ceannairí an Aontais le haghaidh plé ar thacaíocht don Úcráin agus dá muintir agus ar an gcomhar trasatlantach a neartú mar fhreagairt ar fhogha na Rúise.
- G7 Leaders’ Statement - Brussels, 24 March 2022
The Leaders of the G7 met in Brussels at the invitation of the German G7 Presidency.
23 Márta 2022
- Na príomhtheachtaireachtaí a tháinig as an gCruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach, an 23 Márta 2022
Tháinig ceannairí an Aontais agus comhpháirtithe sóisialta le chéile, trí fhíschomhdháil, ag an gcruinniú mullaigh sóisialta trípháirteach chun ‘freagairt thrípháirteach aontaithe ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin’ a phlé.
- Tuarascáil ón Uachtarán Charles Michel chuig seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa
Chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin bplé a bhí ag ceannairí an Aontais le linn an chruinnithe neamhfhoirmiúil in Versailles an 10 agus an 11 Márta 2022
- Tacaíocht an Aontais don Úcráin: Cistiú faoin tSaoráid Eorpach Síochána dúbailte ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle dhá chinneadh lena ndéantar an méid tagartha a dhúbailt faoi bhearta cúnaimh na Saoráide Eorpaí Síochána lena gceadaítear faoi láthair don Aontas tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine.
17 Márta 2022
16 Márta 2022
15 Márta 2022
- An ceathrú pacáiste smachtbhannaí i bhfianaise fogha míleata na Rúise faoin Úcráin: 15 duine agus 9 n-eintiteas eile faoi réir bearta sriantacha an Aontais
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar 15 duine agus 9 n-eintiteas eile i ndáil leis an bhfogha míleata gan chúis gan údar atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin agus i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.
- Fogha míleata na Rúise faoin Úcráin: an ceathrú pacáiste de bhearta earnálacha agus bearta aonair ón Aontas
Chinn an Chomhairle an ceathrú pacáiste smachtbhannaí eacnamaíocha agus aonair mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin.
12 Márta 2022
11 Márta 2022