Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 6 Aibreán 2022 14:00

An Úcráin: Íocaíocht láithreach dar luach €3.5 billiún formheasta ag an gComhairle do thíortha an Aontais atá ag glacadh le dídeanaithe

Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha AE iad :

Mar chuid d’iarrachtaí an Aontais tacú leis an Úcráin tar éis ionradh na Rúise, d’fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais togra lena dtugtar rochtain láithreach do na Ballstáit ar chistiú tosaigh breise ó REACT-EU (Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa), agus lena ndéantar soláthar bunriachtanas agus tacaíochta do dhídeanaithe na hÚcráine a éascú.

Íocfar €3.5 billiún san iomlán i mbliana mar réamh-mhaoiniú tosaigh méadaithe faoi REACT-EU, ceann de na cláir téarnaimh iarphaindéime is mó atá dírithe ar chistí an bheartais comhtháthaithe agus ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a threisiú.

Gheobhaidh na Ballstáit sin ina mbeidh líon ard imirceach ag teacht isteach, cé acu is tíortha idirthurais nó tíortha is ceann scríbe deiridh atá i gceist, sciar níos mó.

Leis an togra, beifear in ann an brú ar bhuiséid phoiblí na mBallstát a mhaolú agus ar an gcaoi sin, beifear in ann déileáil le hinsreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin.

Chun na críche sin, méadófar réamh-mhaoiniú ó thráinse 2021 de REACT-EU ó 11% go dtí 15% i gcás na mBallstát uile, agus ó 11% go dtí 45% i gcás na dtíortha sin de chuid an Aontais arbh ionann insreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin agus 1% dá ndaonra ag deireadh na chéad míosa tar éis ionradh na Rúise.

Gheobhaidh na tíortha seo a leanas réamh-mhaoiniú dar luach 45%: an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic (ó tharla teorainn acu leis an Úcráin), an Ostair, an Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin agus an Liotuáin a chuir cóiríocht ar fáil do roinnt daoine easáitithe arb ionann iad agus breis is 1% dá ndaonra faoin 23 Márta 2022.

Ina theannta sin, tugtar isteach leis an togra costas aonaid in aghaidh an duine agus, dá réir sin, féadfar cistí a chur chun feidhme ar bhealach níos éasca agus níos tapúla.

Thar aon ní eile, leis an gcostas aonaid, beifear in ann bunriachtanas daoine ón Úcráin a dtugann an tAontas cosaint shealadach dóibh nó a dtugtar cosaint leordhóthanach eile dóibh faoin dlí náisiúnta, a mhaoiniú.

Socraítear an costas aonaid sin ag €40 in aghaidh na seachtaine agus is féidir leas a bhaint as ar feadh 13 seachtaine, ar a mhéad, ag tosú ón dáta a dtagann an duine lena mbaineann isteach san Aontas.

Cúlra agus na chéad chéimeanna eile

An 23 Márta, mhol an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí leasuithe reachtacha arb é is aidhm dóibh an réamh-mhaoiniú ó REACT-EU a mhéadú. Ag eascairt as na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24-25 Márta inar iarradh ar an gCoimisiún obair a dhéanamh ar thograí breise chun ‘a áirithiú go bhféadfar cistí ón Aontas do dhídeanaithe agus dá n-óstaigh a shlógadh gan mhoill’, rinne an Coimisiún leasú ar a thogra chun leas a bhaint as rogha costais shimplithe.

Leis an togra, comhlánaítear Gníomhaíocht Comhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE), lenar tugadh isteach solúbthacht bhreise maidir le cur chun feidhme chistí an Aontais an fhéidearthacht go bhféadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as tráinse 2022 de REACT-EU chun cúnamh a thabhairt do dhídeanaithe na hÚcráine.

Táthar ag súil go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa an togra reatha faoin nós imeachta práinne rud a fhágfaidh go bhféadfaidh an Chomhairle an gníomh reachtach a ghlacadh go pras ionas go bhféadfaidh sé teacht i bhfeidhm i lár mhí Aibreáin.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Aibreán 2025