Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
30 Márta 2026
- An solas glas deiridh tugtha ag an gComhairle d'ardán tallainne an Aontais le haghaidh cuardaitheoirí poist as tíortha lasmuigh den Aontas
An dearbhú deiridh tugtha ag an gComhairle do linn tallainne an Aontais, ardán de chuid an Aontais a chuideoidh le tíortha a bhfuil ganntanas lucht saothair iontu cuardaitheoirí poist as tríú tíortha a earcú.
- Cead tugtha ag an gComhairle do rialacha comhchoiteanna de chuid an Aontais maidir le himeachtaí dócmhainneachta
Le dlí nua an Aontais, déantar imeachtaí dócmhainneachta a chuíchóiriú, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca d’infheisteoirí measúnú a dhéanamh ar dheiseanna infheistíochta agus rialacha dócmhainneachta á mbreithniú acu.
- François-Louis Michaud ceaptha ag an gComhairle ina chathaoirleach ar an Údarás Baincéireachta Eorpach
Cheap an Chomhairle François-Louis Michaud mar chathaoirleach ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE). Rachaidh sé i mbun an róil an 16 Aibreán 2026. Mairfidh a théarma oifige ar feadh tréimhse 5 bliana agus féadfar é a shíneadh aon uair amháin.
27 Márta 2026
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 30 March - 12 April 2026.
- Remarks by Kyriakos Pierrakakis following the Eurogroup meeting of 27 March 2026
Remarks by Eurogroup President Kyriakos Pierrakakis on the economic impact of the situation in the Middle East, the energy transition, development of the Savings and Investments Union and preparation ahead of the IMF and G7 international meetings.
26 Márta 2026
- Custaim an Aontais: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le hathchóiriú suntasach
Chomhaontaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint athchóiriú a dhéanamh ar chreat custaim an Aontais, rud a thabharfadh bosca uirlisí níos nua-aimseartha don Aontas chun déileáil le treochtaí uileghabhálacha.
- An chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Airméin le bheith ar siúl an 4 agus an 5 Bealtaine 2026
Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Airméin a bheidh ar siúl in Eireaván an 4 agus an 5 Bealtaine 2026. Is é an Príomh-Aire Nikol Pashinyan a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hAirméine.
- Council conclusions at the start of the 14th Ministerial Conference of the World Trade Organization
The Council adopted a set of conclusions at the start of the 14th WTO ministerial conference, outlining the EU's expectations and position for the conference, including on WTO reform.
- An 8ú hidirphlé aireachta idir an Nigéir agus an tAontas - communiqué comhpháirteach
D’eisigh an tAontas agus an Nigéir ráiteas comhpháirteach tar éis an 8ú cruinniú aireachta idir an tAontas agus an Nigéir Dé Luain, an 23 Márta 2026 in Abuja na Nigéire.
25 Márta 2026
- Tuairisc ón Uachtarán António Costa chuig seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa
Sa Bhruiséil, chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa ar an eolas faoin bplé a rinneadh le linn an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 19 Márta 2026.
- Lille chun Údarás Custaim nua an Aontais a óstáil
Roghnaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa Lille mar an chathair óstach d’Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh a bhunófar amach anseo.
24 Márta 2026
23 Márta 2026
20 Márta 2026
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 23-29 March 2026.
- An Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú: ráiteas ón Ardionadaí Kaja Kallas thar ceann an Aontais Eorpaigh
D’eisigh an tAontas ráiteas comórtha i ndáil leis an Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú, inar athdhearbhaíodh a thiomanta atá sé an ciníochas den uile chineál a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar a ghné struchtúrach, laistigh den Aontas s’againne agus ar fud an domhain uilig.
- A raibh le rá ag an Uachtarán António Costa ag an bpreasagallamh a tugadh tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 19 Márta 2026
Le linn an phreasagallaimh ag deireadh an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 19 Márta 2026, chuir an tUachtarán António Costa príomhthorthaí an phlé i láthair.
- Ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro, an 19 Márta 2026
Ag teacht le chéile dó i bhformáid chuimsitheach an 19 Márta 2026, ghlac an Cruinniú Mullaigh Euro ráiteas.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 19 Márta 2026
An 19 Márta, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an méid a leanas: an Úcráin, an Meánoirthear, an t-iomaíochas agus an margadh aonair, cosaint agus slándáil na hEorpa, an imirce, an t-iltaobhachas agus míreanna eile.
19 Márta 2026
- Boris Vujčić ceaptha ag an gComhairle Eorpach ina Leas-Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach
Cheap an Chomhairle Eorpach Boris Vujčić ina Leas-Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach ar feadh téarma 8 mbliana neamh-inathnuaite. Tiocfaidh sé i gcomharbas ar Luis de Guindos ón 1 Meitheamh 2026.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Meánoirthear
An 19 Márta, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Meánoirthear.