Skip to content

Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn – Iúil 2023

Cloch choirnéil de dhlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D’ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an séú tuarascáil bhliantúil maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme. Is ó mhí Eanáir 2022 go Nollaig 2022 an tréimhse thagartha atá i gceist.

2023, 117 Leathanaigh, Leabhair faoi chlúdach bog

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Feabhra 2025