Doiciméad: BGR-GO-02001

Teideal:
СВИДЕТЕЛСТВО ЗА РЕГИСТРАЦИЯ ЧАСТ I ('BG')
Tír Eisiúna:
BGR - An Bhulgáir • РЕПУБЛИКА БЪЛГАРИЯ •
Uimhir leagan an doiciméid:
02001
Eisithe don chéad uair an:
01/05/2015
Bailí:
tá
Stádas dlíthiúil / príomhchuspóir:
Doiciméad clárúcháin d'fheithiclí. Cuid I den deimhniú clárúcháin.
Tá an deimhniú clárúcháin comhdhéanta de dhá chuid ina bhfuil sonraí faoin bhfeithicil agus faoin úinéir i gcomhréir le ceanglais Threoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le doiciméid chlárúcháin d'fheithiclí (IO L 138/57 an 1 Meitheamh 1999) agus ceanglais Threoir 2003/127/AE ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2003 lena leasaítear Treoir 1999/37/CE ón gComhairle maidir le doiciméid chlárúcháin d'fheithiclí (IO L 010/29 an 16 Eanáir 2004). Sainaithnítear an fheithicil sa chéad chuid den deimhniú clárúcháin agus, nuair is gá, bíonn an chuid sin i seilbh thiománaí na feithicle agus an fheithicil á tiomáint aige. Deimhnítear an ceart atá ag an úinéir an fheithicil a dhiúscairt sa chuid sin. Sainaithnítear an fheithicil agus í á húsáid ar an mbóthar sa dara cuid den doiciméad clárúcháin agus bíonn sin i seilbh an tiománaí i gcónaí agus an fheithicil á tiomáint aige. Tá sonraí ón gcéad chuid den doiciméad clárúcháin a éilítear i seiceálacha bóithre le fáil sa dara cuid. Aon sonraí teicniúla atá ar iarraidh i gcás feithiclí a monaraíodh roimh 1999 agus nach féidir a shuí, ní chuirtear iad ar an deimhniú clárúcháin nuair a bhíonn feithicil á clárú nó nuair a bhíonn athrú á dhéanamh ar an gclárúchán.
Déantús foriomlán:
páipéar
Leithead na formáide (mm):
205
Airde na formáide (mm):
226
Líon na leathanach:
1
Recto - aitheantas
Verso
Tá an fhaisnéis seo á cur ar fáil duit ag Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Rinne saineolaithe doiciméad sa Bhulgáir • РЕПУБЛИКА БЪЛГАРИЯ_REPUBLIC OF BULGARIA • í a roghnú agus a thiomsú.