Foirgnimh na Comhairle
Roimhe seo, bhí riarachán na Comhairle, Ardrúnaíocht na Comhairle, scaipthe idir roinnt foirgneamh ar fud na Bruiséile. Ar mhaithe leis an bhfeidhmiú inmheánach agus an costas a chuíchóiriú, dhréachtaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh clár foirgneamh arb é is cuspóir dó obair riaracháin agus cruinnithe uile na hinstitiúide a thabhairt le chéile i líon níos lú foirgneamh in aice láimhe.
D'oibrigh an clár foirgneamh seo freisin mar fhreagairt ar na riachtanais fheidhmiúla a bhí ag teacht chun cinn:
- an cinneadh a rinne an Chomhairle Eorpach a cuid cruinnithe go léir a thionól sa Bhruiséil, in ionad iad a thionól sna Ballstáit faoin gcóras uainíochta a bhí ann roimhe
- méadú an Aontais, 13 thír nua san áireamh laistigh de 10 mbliana
- glacadh Chonradh Liospóin, lenar cruthaíodh an post 'Uachtarán buan' ar an gComhairle Eorpach
Rinneadh an tÁras Justus Lipsius atá ann anois a athmhúnlú go páirteach agus fuarthas an dara foirgneamh, Áras Lex, chun freastal ar líon méadaitheach na n-aonad aistriúcháin. Tá áras nua, Áras Europa, a dearadh mar shuíomh do chruinnithe den Chomhairle agus den Chomhairle Eorpach, ina áras oibríochtúil ó mhí Eanáir 2017 ar aghaidh.
Tabhair cuairt orainn
Cuirtear fáilte roimh dhaoine den phobal sa Chomhairle. Cuirfimid cuairteanna do dhaoine aonair agus do ghrúpaí ar fáil. Tuilleadh eolais:
Áras Justus Lipsius
Ón mbliain 1995 i leith, ba é Áras Justus Lipsius ceanncheathrú Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Ardrúnaíocht na Comhairle. Le teacht i bhfeidhm Chonradh Nice, tosaíodh ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí a óstáil ann ar bhonn sealadach. Ó thús na bliana 2017, aistríodh cruinnithe de Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus den Chomhairle Eorpach chuig an áras nua, Áras Europa.
Turas fíorúil fhoirgnimh na Comhairle
Bí linn ar thuras fíorúil 360° agus cuir eolas ar fhoirgnimh na Comhairle ó gach uile thaobh. Is féidir leat bogadh timpeall i 7 bpríomhsheomra na Comhairle.
Áras Lex
Ó 2007 i leith, tá seirbhís aistriúcháin Ardrúnaíocht na Comhairle lonnaithe in Áras Lex. Bhí na haonaid lonnaithe roimhe seo i bhfoirgnimh éagsúla ar fud na Bruiséile. In Áras Lex, tugtar na haonaid teanga go léir le chéile faoi aon díon amháin agus is ann freisin a lonnaíodh na haonaid nua nuair a tháinig méadú ar an Aontas.
Áras Europa
Is é Áras Europa an suíomh do chruinnithe den Chomhairle Eorpach, de Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus de chomhlachtaí eile ardleibhéil. Tá sé faoi lán seoil ó thús na bliana 2017.
Foirgnimh eile
Ionad Comhdhála na hEorpa (Lucsamburg)
De réir na rialacha sin a leagtar amach sna Conarthaí, is i Lucsamburg a bhíonn cruinnithe ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí Aibreáin, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair. Le linn na míonna sin, bíonn Ionad Comhdhála na hEorpa ar cíos ag an gComhairle ó Rialtas Lucsamburg.
Neder-over-Heembeek
Is é seo foirgneamh lárnach stórála na hArdrúnaíochta, i dtuaisceart na Bruiséile. Is leis an Coimisiún é agus tá dromchla 4 950 m² ar cíos ag an Ardrúnaíocht ann.
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Eanáir 2024