Skip to content

An Mheitheal um Chabhair Dhaonnúil agus Cabhair Bhia (Meitheal COHAFA)

Ullmhaítear obair na Comhairle maidir le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais agus comhordaítear freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna daonnúla.

An ról

Sa mheitheal seo, pléitear straitéisí daonnúla agus beartais dhaonnúla an Aontais Eorpaigh agus comhordaítear freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna daonnúla. Treoraítear an obair a dhéanann an Mheitheal leis an gcomhdhearcadh Eorpach maidir le cúnamh daonnúil, le prionsabail na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, agus leis an dlí idirnáisiúnta daonnúil.

Pléitear saincheisteanna a bhaineann le cabhair dhaonnúil, mar shampla:

  • faireachán a dhéanamh ar riachtanais dhaonnúla ar fud an domhain agus ar fhreagairt an Aontais
  • éifeachtúlacht an chórais dhaonnúil dhomhanda
  • ullmhú ráitis an Aontais le haghaidh eagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta ábhartha
  • an comhdhearcadh Eorpach maidir le cabhair dhaonnúil a chur chun cinn, mar aon leis na prionsabail dhaonnúla agus an urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta

Comhdhéanamh agus cruinnithe

Páirteach sa mheitheal seo, tá saineolaithe daonnúla náisiúnta as na Ballstáit agus tugtar cuireadh go rialta d’aoichainteoirí – ionadaithe ó ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha. Is gnách go dtagann an Mheitheal le chéile uair sa mhí.

Is in 2008 a bunaíodh an mheitheal, ag eascairt as síniú an chomhdhearcaidh Eorpaigh maidir le cabhair dhaonnúil in 2007.

Na chéad chruinnithe eile

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2026