Maidir leis an mblag
Úsáidtear an blag chun táirgí bibleagrafaíocha agus taighde Leabharlann na Comhairle a scaipeadh. Úsáidtear é freisin chun teagmháil a dhéanamh le lucht léitheoireachta níos leithne agus chun faisnéis agus taighde nua nó tráthúil a bhaineann le beartais an Aontais a roinnt.
Is ionann aon tuairimí a nochtar sa bhlag agus tuairimí pearsanta a n-údar amháin. Ní gá go mbeadh aon bhaint ag na tuairimí sin le tuairimí Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná le tuairimí na Comhairle Eorpaí.
Ar ár mblag, gheofar an méid seo a leanas:
- Tuairiscí imeachtaí: forléargas ar chomhdháil ar ar fhreastail ball foirne den leabharlann.
- Nóta leabharlainne: ábhar machnaimh taifeadta.
- Leabhair nua: forléargas ar na leabhair is déanaí faighte ag Leabharlann Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
- Moltaí léitheoireachta: ábhar léitheoireachta ar fiú é a roinnt.
- Think Tank Review: rogha mhíosúil de pháipéir a bhaineann leis an Aontas a fhoilsíonn meithleacha machnaimh ar fud an domhain.
- Blaganna aíonna
Foilsímid iontrálacha blag freisin – léirmheasanna leabhar – ag aoi-bhlagálaithe.
Más mian leat léirmheas leabhar a thíolacadh
- Ní mór gur leabhar a bhaineann leis an Aontas a bheidh ann (is féidir é a bheith scríofa in aon cheann de na 24 theanga oifigiúla agus oibre).
- Déan teagmháil le foireann na leabharlainne ag [email protected], ag míniú cén fáth a bhfuil an leabhar tábhachtach, agus cén fáth gur iarrthóir maith thú chun léirmheas a dhéanamh air.
- Má ghlactar le do mholadh, foilseofar do léirmheas ar bhlag Leabharlann na Comhairle mar aon le próifíl ghearr fút féin.
Na riachtanais maidir leis an léirmheas
- d'ainneoin leagan teanga an leabhair, is i mBéarla nó i bhFraincis a scríobhtar an léirmheas.
- ba cheart go mbeadh sé idir 700–1000 focal.
- ba cheart gur achoimre ar phríomhphointí an leabhair a bheadh ann, breithmheas réasúnaithe ar a argóintí/mhodheolaíocht nó ar a thábhacht sa réimse ábhartha staidéir.
B'fhéidir gur mhaith leat breathnú ar léirmheasanna leabhar ár mblag mar ábhar inspioráide. Táimid ag tnúth le bhur n-iontrálacha!
An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Eanáir 2024