Skip to content

Rogha acmhainní faisnéise ar líne a bhfuil rochtain orthu ar áitreabh na Comhairle

Is trí líonra na Comhairle amháin (ríomhaire deisce nó wi-fi), a fhéadfar teacht ar iomlán dá bhfuil sna hacmhainní sin. Féadfaidh foireann na Comhairle agus cuairteoirí seachtracha úsáid a bhaint as na hacmhainní sin chun críoch taighde amháin.

Ní cheadaítear na hacmhainní a dháileadh. Tá freagracht aonair ar úsáideoirí go gcomhlíonann siad na téarmaí agus na coinníollacha sonracha úsáide i gcomhréir le comhaontuithe ceadúnaithe agus dlí an chóipchirt.

Eureka

Faigh amach faoi na hacmhainní faisnéise uile in aon chuardach amháin trí chatalóg Leabharlann na Comhairle.

Is é Eureka an tairseach chuig acmhainní faisnéise na Comhairle

Press Reader

Na mílte macasamhail dhigiteach nuachtán agus irisí.

Press Reader

Politico Pro

Is é Politico Pro an tseirbhís íoctha dhigiteach nuachta de chuid Politico Europe, a thugann anailís agus léargas duit a chumhdaíonn 12 réimse beartais de chuid an Aontais.

Is féidir le toscairí rochtain saor in aisce a iarraidh trí ríomhphost.

Politico Pro

Agence Europe

Déanann Agence Europe sainchumhdach ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an Aontas. Tá rochtain ar an Europe Daily Bulletin, príomhfhoilseachán Agence Europe, agus ar a chartlann, i Leabharlann na Comhairle.

Agence Europe

The Economist

Leagan ar líne den iris sheachtainiúil nuachta agus rochtain neamhtheoranta ar an suíomh gréasáin, economist.com.

The Economist

The Economist Intelligence Unit

Tuarascálacha anailíse de réir tíre ó The Economist Intelligence Unit, agus ina bhfuil réamhaisnéisí eacnamaíocha agus polaitiúla mionsonraithe i ndáil le tuairim is 200 tír.

The Economist Intelligence Unit

Oxford Analytica

Déanann Oxford Analytica anailís dhomhanda ar gheopholaitíocht agus ar mhaicreacnamaíocht. Féadann foireann na Comhairle síntiús a ghlacadh leis an tseirbhís laethúil anailíse dar teideal The Oxford Analytica Daily Brief.

Oxford Analytica

IHS

Faisnéis agus anailís ar chúrsaí eacnamaíocha domhanda agus rioscaí tíre, agus ina bhfuil anailís dhomhain agus réamhaisnéisí doimhne i ndáil le tuairim is 200 tír.

IHS

Frankfurter Allgemeine

Leagan ar líne de cheann de phríomhnuachtáin na Gearmáine.

Frankfurter Allgemeine

European Journal of International Relations

Taighde agus forbairtí de chineál coincheapúil, normatach agus eimpíreach i ndáil le gach príomh-fho-ábhar den réimse.

European Journal of International Relations

Strada Lex

Tairseach do reachtaíocht na Beilge agus na hEorpa, agus ina bhfuil ríomhleabhair agus tréimhseacháin maidir leis an dlí Eorpach agus idirnáisiúnta.

Strada Lex

Beck-online

Tairseach do reachtaíocht na Gearmáine agus na hEorpa agus do thráchtaireacht dhlíthiúil, agus ina bhfuil tréimhseacháin ar an dlí Eorpach.

Beck-online

Max Planck Encyclopedia of Public International Law

Ciclipéid ar líne d'ailt phiarmheasúnaithe ar an dlí idirnáisiúnta poiblí.

Max Planck Encyclopedia of Public International Law

Wolters Kluwer

Tréimhseacháin ar an dlí Eorpach agus idirnáisiúnta (agus ar an Common Market Law Review). I mBéarla amháin.

Wolters Kluwer

Dalloz.fr

Ábhair ar dhlí na Fraince agus ar an dlí Eorpach, agus ina bhfuil 'Répertoire de droit européen' – ciclipéid maidir leis an dlí Eorpach. I bhFraincis amháin.

Dalloz.fr

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Eanáir 2024