Skip to content

Iarratais ar athbhreithniú inmheánach faoi Rialachán Aarhus

Tá sé de cheart ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta athbhreithniú riaracháin ar ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a iarraidh, i gcomhréir le forálacha Rialachán Aarhus.

Tugtar leis an rialachán sin an ceart do dhaoine den phobal rochtain a fháil ar cheartas agus ar fhaisnéis, agus páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht ar ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol.

Le leasú ar an rialachán a ghlac an tAontas Eorpach in 2021, cuireadh síneadh le roinnt forálacha a bhaineann leis an gceart athbhreithnithe ar ghníomhartha an Aontais a iarraidh.

Liosta na n-iarratas ar athbhreithniú a fuair an Chomhairle

  • Iarraidh arna cur isteach ag Stichting De Faunabescherming le haghaidh athbhreithniú inmheánach faoi Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le Treoir (AE) 2025/1237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025, lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre
  • Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach faoi Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le Treoir (AE) 2025/1237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025, lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta mac tíre
  • Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach faoi Theideal IV de Rialachán Aarhus i ndáil le Rialachán (AE) 2023/2638 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
  • Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a rinneadh ag cruinniú na Comhairle CGB an 8 agus an 9 Nollaig 2022 gan an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a ghlacadh
  • Iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite
  • Iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar Rialachán (AE) 2022/515 ón gComhairle an 31 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme in uiscí áirithe nach uiscí den Aontas iad
  • Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
  • Iarraidh arna cur isteach ag Stichting De Faunabescherming le haghaidh athbhreithniú inmheánach faoi Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le Treoir (AE) 2025/1237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025, lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre.

Conas a dhéantar iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh?

Is féidir iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomhartha dlí a chur faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh le ríomhphost.

Séanadh: ní bheidh Comhairle an Aontais Eorpaigh freagrach as ábhar na n-iarrataí ar athbhreithniú inmheánach arna dtíolacadh ag daoine aonair nó ag eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi Rialachán Aarhus. Thairis sin, iarrtar ar na iarrthóirí a gcuid sonraí pearsanta a fholú sna hiarscríbhinní a ghabhann lena n-iarraidh, ar sonraí iad nach mbeidh gá leo chun an iarraidh a phróiseáil i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.

Cad é Rialachán Aarhus?

Shínigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Aarhus na Náisiún Aontaithe, ina leagtar amach cearta daoine aonair agus eagraíochtaí maidir le cúrsaí comhshaoil agus maidir leis na nithe seo a leanas:

  • rochtain ar fhaisnéis
  • rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht
  • rochtain ar cheartas

Ghlac an tAontas Rialachán Aarhus in 2006 (Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006) chun forálacha an choinbhinsiúin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais. In 2021, glacadh leasú ar an Rialachán chun gnéithe áirithe den reachtaíocht a bhaineann le rochtain ar cheartas a fheabhsú.

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Bealtaine 2026