ConSIMium: eispéireas ionsamhlúcháin de chuid na Comhairle
Taithí phearsanta a fháil ar an gComhairle
Tá deis ag mic léinn ollscoile ó gach cearn den Eoraip páirt a ghlacadh in ConSIMium, eispéireas ionsamhlúcháin de chuid na Comhairle.
Gach bliain tagann 27 bhfoireann náisiúnta ó na Ballstáit uile chun na Bruiséile réidh chun na róil seo a leanas a imirt:
- ceannairí an Aontais
- ambasadóirí
- saineolaithe náisiúnta
- airí
- iriseoirí
In imeacht a mhaireann 2 lá, ionsamhlaíonn foirne de sheisear mac léinn dhá chruinniú den Chomhairle Eorpacha agus sraith cruinnithe ar gach leibhéal de Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hábhair a bhaineann le cúrsaí reatha. In 2025, mar shampla, ba iad tionscal cosanta an Aontais, soláthar comhpháirteach agus amhábhair chriticiúla, agus in 2026 phléigh na foirne an trádáil idirnáisiúnta.
Glacann na toscaireachtaí páirt i gcruinnithe ullmhúcháin éagsúla de shaineolaithe náisiúnta (meithleacha) agus d’ambasadóirí (Coreper – Coiste na mBuanionadaithe) roimh ionsamhlúchán cruinnithe aireachta, ina ndéanann siad iarracht teacht ar chomhréiteach.
Léigh an méid a deir na rannpháirtithe faoi ConSIMium
Ba é sin an chéad uair a bhí mé riamh i seomra ina raibh ionadaíocht ag gach Ballstát den Aontas. Bhí an t-atmaisféar chomh suimiúil agus chomh teasaí sin – eispéireas an-réadúil a bhí ann.
Clara Binderlehner (an Ostair)
Agus na daoine óga go léir ó gach cearn den Aontas a fheiceáil ag teacht le chéile le haghaidh ConSIMium, tuigim nach mise amháin a chreideann i gcomhar an Aontais, agus gur fiú troid ar a shon.
Eva Parodi (an Iodáil)
Sular chuireamar tús leis an ionsamhlúchán, bhuaileamar le hambasadóir na Polainne, a thug roinnt samplaí ón bhfíorshaol dúinn agus a thug comhairle dúinn faoin gcaoi a dtarlaíonn an chaibidlíocht sa Chomhairle. Thug sé sin, in éineacht le ConSIMium, forléargas an-mhaith dom ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas.
Filip Szymański (an Pholainn)
Fuair mé an deis an teoiric a chur i bhfeidhm, agus an fhíor-Chomhairle, agus an obair a bhíonn ar siúl sa chúlra, a fheiceáil. Deis iontach a bhí ann chun mo chuid scileanna caibidlíochta agus comhair a fhorbairt!
Tin Krstačić (an Chróit)
Is deis iontach é ConSIMium chun foghlaim faoin Aontas, agus tá ábhair oiliúna den scoth ann.
Alexandros Kitsikoudis Alexoudis (Lucsamburg)
Thug ConSIMium léargas dúinn ar an Aontas agus ar an taidhleoireacht ó lá go lá, agus chuir sé ar ár gcumas an méid atá á fhoghlaim againn san ollscoil a chur i bhfeidhm.
Ema Kristina Šprljan (Málta)
Faigh léargas ar ConSIMium
Cén chaoi a n-airíonn sé siúl i mbróga na n-ionadaithe náisiúnta agus cinntí a dhéanamh ar son an Aontais uile? Éist leis go díreach ó na rannpháirtithe in eagrán 2024.
ConSIMium, céard é féin?
Is eispéireas ionsamhlúcháin de chuid na Comhairle é ConSIMium ina bhfaigheann 27 bhfoireann mac léinn ó Bhallstáit uile an Aontais taithí phearsanta ar an gcaibidlíocht idir na Ballstáit agus ar an bpróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal Eorpach. Is í Ardrúnaíocht na Comhairle a eagraíonn ConSIMium gach bliain.
Bhí an ceathrú heagrán de ConSIMium ar siúl an 5 agus an 6 Feabhra 2026 agus bhí thart ar 200 rannpháirtí rannpháirteach ann.
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2026