Cuairt do ghrúpa ar an gComhairle
Tig linn cuairt a eagrú do ghrúpaí, ina mbeidh scór ar a laghad, in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Ní ghearrtar aon táille as an gcuairt agus oireann siad do dhuine ar bith is sine nácúig bliana déag. Idir uair agus dhá uair an chloig a mhaireann an chuairt do ghrúpa.
Ba cheart cuairteanna a chur in áirithe 3 mhí, ar a laghad, roimh ré.
Cuairt a chur in áirithe
Chomh luath is a bheidh d'iarratas faighte againn, beimid i dteagmháil leat chun do chuairt a dheimhniú.
Is ceart dóibh seo a leanas an t-iarratas a dhéanamh:
- treoraí an ghrúpa
- ionadaí an fhorais oideachais nó ionadaí chuallacht na mac léinn, a chaithfidh a bheith i dteannta an ghrúpa le linn na cuairte freisin
Ó tharla an-tóir ar chuairteanna den chineál seo, ní féidir linn a rá le cinnteacht go sásófar d'iarraidh ar chuairt.
Beidh sé de chead againn dhá ghrúpa chomhoiriúnacha a chur le chéile.
Cuairt do ghrúpaí: féidearthachtaí
Tá raon leathan féidearthachtaí ar fáil do ghrúpaí:
- seisiúin faisnéise
- cuairt ar fhoirgnimh na Comhairle
- cuairt ar Ionad na gCuairteoirí
Seisiúin faisnéise
Roinnfidh ár saineolaithe atá ag obair sa Chomhairle a gcuid eolais agus a dtaithí i ndáil le bheith ag obair i dteach na mBallstát. Tá na seisiúin faisnéise idirghníomhach agus fáiltítear roimh cheisteanna ó chuairteoirí.
Is éard a bhíonn sna seisiúin faisnéise:
- réamhrá ginearálta maidir leis an gComhairle Eorpach agus leis an gComhairle a bheadh i gceist, nó
- caint ar ábhar níos mionsonraithe
Cuairt ar fhoirgnimh na Comhairle
Tig linn cuairt a eagrú duit ar na foirgnimh sin de chuid na Comhairle ina dtagann ceannairí agus airí an Aontais le chéile.
Ó tharla gur limistéar oibre atá sa Chomhairle, tharlódh go stopfaí an pobal ó dhul isteach i limistéir nó i bhfoirgnimh áirithe ar bheagán fógra. Ní féidir a chinntiú go mbeidh gach cosán ar oscailt agus tharlódh go gcuirfí teorainneacha áirithe i bhfeidhm i gcás grúpaí móra.
Ionad na gCuairteoirí
Tig le grúpaí cuairt a thabhairt ar Ionad na gCuairteoirí sa Chomhairle. Tá raon leathan gníomhaíochtaí idirghníomhacha agus taispeántas ilmheáin ar fáil ann.
Gheobhaidh tú eolas anseo ar an obair a dhéanann an Chomhairle agus ar an gcaoi a n-oibríonn na Ballstáit le chéile ar son thodhchaí na hEorpa agus iad sa tóir ar réitigh chomhchoiteanna.
Do chuairt a phleanáil
Cén uair a bhíonn cuairteanna ar siúl do ghrúpaí?
Féadfar cuairt a eagrú do ghrúpa mórán gach lá den tseachtain idir:
- 9:00 agus 11:00
- 13:30 agus 16:00
Ní chuirtear aon chuairteanna ar fáil do ghrúpaí i mí Lúnasa.
Áras Justus Lipsius Rue de la Loi/Wetstraat 175 B-1048 Bruxelles/Brussel Belgique/België
Áras Lex Rue de la Loi/Wetstraat 145 B-1048 Bruxelles/Brussel Belgique/België
Áras Europa
Rue de la Loi/Wetstraat 175
B-1048 Bruxelles/Brussel
Belgique/België
Cá háit a mbíonn na cuairteanna ar siúl?
Bíonn seisiúin faisnéise agus cuairteanna ar an láthair ar siúl i gceann d'fhoirgnimh na Comhairle sa Bhruiséil:
- Áras Justus Lipsius
- Áras Lex
- Áras Europa
Is in Áras Justus Lipsius atá Ionad na gCuairteoirí.
Tá stáisiún traenach agus stáisiún metro in aice láimhe, mar aon le stadanna bus.
Cúrsaí slándála agus rochtana
Ní mór do gach duine sa ghrúpa pas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta a thabhairt leo más uathu teacht isteach i bhfoirgnimh na Comhairle. Ní ghlacfar le haon chineál eile aitheantais phearsanta.
Ní mór do dhuine fásta amháin ar a laghad a bheith ann do gach deichniúr daltaí a bhíonn i ngrúpaí scoile.
Tá foirgnimh na Comhairle in oiriúint dóibh siúd atá faoi mhíchumas luaineachta.
Cuairt a chur ar ceal
Beidh sé de chead againn cuairt sceidealta a chur ar ceal mura sásaíonn an grúpa na riachtanais rochtana.
D'fhéadfadh sé go mbeadh orainn cuairteanna a deimhníodh cheana a chur ar ceal nóiméad ar bith, i gcásanna eisceachtúla, mar gheall ar imeachtaí polaitiúla nó mar gheall ar chruinnithe de chuid na Comhairle a shocrófaí gan choinne.
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Eanáir 2026