Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 22 Torthaí
Míniú ar an euro digiteach
Is é a bheadh sa euro digiteach foirm dhigiteach d’airgead bainc ceannais a d’eiseodh an Banc Ceannais Eorpach agus a d’úsáidfí san earnáil miondíola i dteannta airgead tirim.

Tionscnamh maidir lena bhfuil i ndán d’aontas na margaí caipitil
Tá sé mar aidhm ag an Aontas a mhargaí airgeadais agus caipitil a fhorbairt tuilleadh chun freastal ar a riachtanais eacnamaíocha, an nuálaíocht a chur chun cinn agus rochtain ar chistiú a fheabhsú.

Rialachán baincéireachta
Tá feidhm ag creat baincéireachta an Aontais maidir le gach banc, institiúid creidmheasa eile agus gnólacht infheistíochta atá ag feidhmiú san Aontas. Is é is aidhm dó cobhsaíocht agus sláine a chinntiú agus muinín an phobail sa chóras airgeadais a chothabháil ag an am céanna.

Mar a oibríonn an Seimeastar Eorpach
Gach bliain, tosaíonn an Seimeastar Eorpach san fhómhar nuair a chuirtear tosaíochtaí an Choimisiúin i láthair. Tagann deireadh leis i mí Dheireadh Fómhair na bliana ina dhiaidh sin nuair a chuireann Ballstáit an limistéir euro a bpleananna buiséadacha isteach.

Pacáiste 2022 maidir le haontas na margaí caipitil
Moltar sa phacáiste bearta chun seirbhísí imréitigh an Aontais a dhéanamh níos athléimní, rialacha maidir le dócmhainneacht chorparáideach a chomhchuibhiú agus ualaí riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.

An chaoi a réitíonn an tAontas bainc a bhfuil ag cliseadh orthu
Tá creat láidir forbartha ag an Aontas chun réiteach ordúil na mbanc a bhfuil ag cliseadh orthu a bhainistiú chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, leanúnachas na bhfeidhmeanna baincéireachta criticiúla a chinntiú agus an tionchar ar an ngeilleagar agus ar cháiníocóirí a íoslaghdú.

An chaoi a ndéanann an tAontas maoirseacht ar an earnáil baincéireachta
Is córas ar leibhéal an Aontais é an sásra aonair maoirseachta chun maoirseacht fheabhsaithe ar earnáil baincéireachta na hEorpa a chinntiú.

An t-aontas baincéireachta
Is é an t-aontas baincéireachta beartas an Aontais Eorpaigh chun earnáil baincéireachta Bhallstáit an limistéir euro a chomhtháthú.

Míniú ar aontas na margaí caipitil
Tá an tAontas ag obair ar mhargadh aonair caipitil a chruthú chun feabhas a chur ar na deiseanna maoiniúcháin atá ann do ghnólachtaí agus chun deiseanna nua a chur ar fáil do choigilteoirí agus d’infheisteoirí, gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.

THE EURO AT 25
Read our visual story and learn about the euro benefits and the stories the coins tell.
