Rialachán baincéireachta
Tá feidhm ag creat baincéireachta an Aontais maidir le gach banc, institiúid creidmheasa eile agus gnólacht infheistíochta atá ag feidhmiú san Aontas. Is é is aidhm dó cobhsaíocht agus sláine a chinntiú agus muinín an phobail sa chóras airgeadais a chothabháil ag an am céanna.
Cuspóirí chreat baincéireachta an Aontais
Taisceoirí a chosaint
Bainc dhea-chaipitlithe, atá in ann suaití airgeadais a sheasamh, a chothabháil, chun cistí na dtaisceoirí a chosaint.
Rioscaí sistéamacha a chosc
Rioscaí a mhaolú arbh iad géarchéimeanna airgeadais agus díchobhsú an gheilleagair an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu.
Caighdeáin a chomhchuibhiú
Rialacha aonfhoirmeacha a bhunú chun cothrom iomaíochta a chruthú agus iomaíocht chóir a chur chun cinn i measc institiúidí creidmheasa.
An athléimneacht agus an trédhearcacht a fheabhsú
An chobhsaíocht agus an tsoiléireacht fhoriomlán a neartú chun muinín a chothú agus an inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú.
Na príomhionstraimí dlí
Tá ionstraimí dlí glactha ag an Aontas maidir le gnéithe éagsúla den earnáil baincéireachta. Seo achoimre ar na príomhphíosaí reachtaíochta.
An Rialachán agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil
Leagtar amach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus sa Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil ceanglais stuamachta mhionsonraithe maidir le, inter alia, leordhóthanacht caipitil, leachtacht, giaráil, bainistiú riosca agus maoirseacht.
Cinntíonn na rialacha sin go bhfuil dóthain caipitil agus dóthain leachtachta ag na bainc chun rioscaí a mhaolú agus caillteanais a d’fhéadfadh tarlú a ionsú.
- An Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- An Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
An Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí
Leis an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, cosnaítear taisceoirí i ngach Ballstát trí ráthaíocht a thabhairt go n-aisíocfar taiscí suas le €100 000 má theipeann ar bhanc. Leagtar síos rialacha sa treoir freisin le haghaidh scéimeanna náisiúnta ráthaithe taiscí, ina measc teorainneacha cumhdaigh, maoiniú agus nósanna imeachta íocaíochta amach.
Ceanglófar ar gach banc a bheith páirteach sna scéimeanna sin.
Íocann na bainc is comhaltaí ranníocaíochtaí bunaithe ar an bpróifíl riosca atá aige chomh maith le tosca eile. Faoin scéim ráthaithe carntar na ranníocaíochtaí i gciste. I gcás ina gcliseann banc agus nuair nach mbíonn fáil ar thaiscí, ní mór do na scéimeanna ráthaithe a bheith in ann taisceoirí a chúiteamh a bhfuil aon chineál taisce atá faoi chosaint na treorach ina seilbh acu.
An Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc
Bunaítear leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc creat le haghaidh téarnamh agus réiteach ordúil na mbanc anásta, chun an tionchar ar an ngeilleagar a íoslaghdú agus chun deireadh a chur leis an ngá atá le tarrtháil arna maoiniú ag an gcáiníocóir.
Déantar an méid seo a leanas leis an treoir:
- cinntítear go ndéantar bainistiú éifeachtach ar na bainc anásta le pleanáil réitigh agus prótacail ghéarchéime
- tugtar isteach sásra tarrthála inmheánaigh, rud a chuireann cosc leis an ngá dul ar iontaoibh na gcáiníocóirí i gcás ina dteipeann ar an mbanc (is iad na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe nach mór na costais a sheasamh i gcás ina dteipeann ar an mbanc)
- bunaítear cistí réitigh banc, atá á maoiniú ag earnáil na baincéireachta, chun tacaíocht a sholáthar, más gá, do réiteach na mbanc anásta
An Rialachán maidir leis an Sásra Aonair Maoirseachta
Leis an Rialachán maidir leis an Sásra Aonair Maoirseachta, sainítear an creat do ról an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) maidir le maoirseacht a dhéanamh ar bhainc shuntasacha san aontas baincéireachta.
Leagtar amach sa sásra aonair maoirseachta freagrachtaí maoirseachta BCE agus a chomhoibriú le húdaráis inniúla náisiúnta.
- An t-aontas baincéireachta
- An chaoi a ndéanann an tAontas maoirseacht ar an earnáil baincéireachta
- An sásra maoirseachta aonair
An Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair
Leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, cuirtear creat ar fáil do ról an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) i réiteach na mbanc anásta san aontas baincéireachta.
Sainítear sa Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair cumhachtaí BRA maidir le pleanáil réitigh, a phróisis chinnteoireachta agus úsáid an chiste réitigh aonair.
Caighdeáin Basel III
Is sraith de rialacháin bhaincéireachta idirnáisiúnta iad caighdeáin Basel III a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht chun na ceanglais chaipitil do bhainc a neartú trí leachtacht a mhéadú agus giaráil na mbanc a laghdú.
Rinneadh na caighdeáin sin a chomhtháthú i gcreat rialála an Aontais trí leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil.
I gcomparáid le Basel II, tá roinnt príomhfhorálacha i Basel III trína ndéantar an méid seo a leanas:
- ní mór do na bainc níos mó caipitil a bheith acu chun na caillteanais a d’fhéadfadh a tharla a chumhdach, rud a chinnteoidh cobhsaíocht níos fearr le linn cora chun donais airgeadais
- ceanglaítear ar na bainc méid leordhóthanach sócmhainní leachtacha ardcháilíochta a choinneáil chun teacht slán i gcás struis 30 lá (cóimheas cumhdaigh ar leachtacht)
- ní mór do na bainc foinsí maoiniúcháin cobhsaí a bheith acu chun tacú lena ngníomhaíochtaí thar ionchas ama dar fhad bliain amháin (cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí)
- cuirtear beart neamh-rioscabhunaithe chun feidhme chun teorainn a chur le carnadh giarála iomarcaí in earnáil na baincéireachta (cóimheas giarála)
- ina measc sin tá cleachtais fheabhsaithe maidir le bainistiú riosca agus tástáil struis níos déine le gur féidir leis na bainc suaití eacnamaíocha a sheasamh go héifeachtach
Ghlac an Chomhairle pacáiste reachtach Basel III maidir le cur chun feidhme an 30 Bealtaine 2024. Tháinig na rialacha nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025, agus bhí roinnt ceanglas faoi réir tréimhse céimnithe isteach ilbhliantúil.
Róil institiúidí an Aontais
Tá roinnt príomhinstitiúidí páirteach i gcreat baincéireachta an Aontais, agus ról ar leith ag gach ceann acu maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun.
Is é an Banc Ceannais Eorpach an príomh-mhaoirseoir ar bhainc shuntasacha sa limistéar euro faoin sásra aonair maoirseachta. Cinntíonn sé go gcomhlíonann na bainc sin na ceanglais stuamachta.
Tá an Bord Réitigh Aonair freagrach as réiteach na mbanc anásta a phleanáil agus a bhainistiú faoin sásra réitigh aonair. Tacaíonn an ciste réitigh aonair leis an obair sin.
Cuireann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach rialáil agus maoirseacht stuamachta atá éifeachtach, comhsheasmhach chun cinn ar fud an Aontais. Forbraíonn sé caighdeáin theicniúla agus treoirlínte chun cleachtais rialála a chomhchuibhiú.
Déanann na húdaráis inniúla náisiúnta maoirseacht ar na bainc bheaga agus cuireann siad rialacháin an Aontais chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, rud a chomhlánaíonn an obair a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach.
Na forbairtí is déanaí agus na forbairtí leanúnacha
Leanann creat baincéireachta an Aontais de bheith ag oiriúnú agus ag forbairt mar fhreagairt ar na hathruithe eacnamaíocha domhanda, ar an dul chun cinn teicneolaíoch agus ar thosaíochtaí inbhuanaitheachta. Is é is aidhm don obair sin athléimneacht an chórais airgeadais a neartú, agus an nuálaíocht a chothú agus cosaint na dtomhaltóirí a chinntiú ag an am céanna.
An pacáiste airgeadais dhigitigh
Mar fhreagairt ar an méadú tapa atá ag teacht ar an airgeadas digiteach, tá creat rialála cuimsitheach á fhorbairt ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le criptea-airgeadraí, nuálaíochtaí teicneolaíochta airgeadais agus córais íocaíochta digití.
Maoiniú inbhuanaithe
Is tosaíocht don Aontas é gníomhaíochtaí rátála comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chomhtháthú sa rialáil baincéireachta. An 19 Samhain, ghlac an Chomhairle rialacha nua darb aidhm gníomhaíochtaí rátála san Aontas a dhéanamh níos comhsheasmhaí, níos trédhearcaí agus níos inchomparáide chun muinín infheisteoirí as táirgí airgeadais inbhuanaithe a mhéadú.
Déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí soláthraithe rátálacha ESG atá ag feidhmiú san Aontas a údarú agus a mhaoirsiú, agus cinnteoidh sé go gcloífidh siad le caighdeáin trédhearcachta.
An sciúradh airgid a chomhrac
Tá an tAontas ag cur feabhas ar a chreat um an sciúradh airgid a chomhrac chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus chun an choireacht airgeadais a chomhrac. Ina measc sin tá rialuithe níos déine, trédhearcacht mhéadaithe in idirbhearta airgeadais, agus comhar níos fearr idir na húdaráis náisiúnta agus údaráis an Aontais.
Beidh ról lárnach ag údaráis nua an Aontais um an sciúradh airgid a chomhrac ,nuair a bhunófar é, maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha um an sciúradh airgid a chomhrac a chinntiú ar fud na mBallstát.
Athbhreithniú ar an mbainistíocht géarchéime agus an árachas taiscí
Le blianta beaga anuas, is minic a lorg údaráis na mBallstát réitigh nach réitigh de chuid chreat an Aontais iad nuair a theipeadh ar bhainc mheánmhéide agus bheaga san Aontas. Ó am go chéile, dá thoradh sin, bhainfí úsáid as airgead na gcáiníocóirí chun tacú le bainc anásta, in ionad acmhainní inmheánacha riachtanacha an bhainc nó líontáin sábhála phríobháideacha arna gcistiú ag an tionscal, mar a bhí beartaithe le creat an Aontais um réiteach banc.
Mar fhreagairt ar an staid i mí Aibreáin 2023, mhol an Coimisiún go ndéanfaí athchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí. An 19 Bealtaine 2024, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh i ndáil leis an gcreat agus ghlac sí sainordú caibidlíochta. An 25 Meitheamh 2025, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir leis an athbhreithniú, rud a léiríonn céim eile i dtreo aontas baincéireachta an Aontais a thabhairt chun críche.
I measc a bhfuil sa phacáiste athchóirithe tá tograí reachtacha lena ndéanfaí leasú ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, ar an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí. Tá sé d’aidhm ag an athbhreithniú an bhearna chistiúcháin a dhúnadh trí rochtain a thabhairt do bhainc bheaga agus mheánmhéide ar na líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal le go mbeadh uirlis bhreise um maoiniú réitigh acu agus leis an spleáchas ar tharrtháil inmheánach ó thaisceoirí gan árachas a laghdú.
- Réiteach banc: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun creat bainistithe géarchéime an Aontais a neartú (preaseisiúint, an 25 Meitheamh 2025)
- An creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 19 Meitheamh 2024)
Slabhraí nóiníní
An 26 Márta 2024, ghlac an Chomhairle an Treoir maidir le ‘Slabhraí Nóiníní’, mar a thugtar uirthi, mar chuid den athchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí. Leasaítear an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair leis an treoir. Tugtar isteach léi sraith coigeartuithe spriocdhírithe a mbeidh ról tábhachtach acu maidir le comhréireacht an chreata a fheabhsú.
An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Meitheamh 2025